Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/164

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
154
Caib. V. 27
LÚCÁS

d’eagla agus deiridís: Chonacamair neithe iongantacha indiu.


27Agus tar éis an méid sin d’imthigh sé amach, agus chonaic sé puibliocánach dár bh’ ainim Lebhí ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. 28Agus d’fhág seisean gach nídh ’n-a dhiaidh, agus d’eirigh sé agus do lean sé é.

29Agus do dhein Lebhí féasta múr dó ’n-a thigh, agus bhí cuideachta mhór ann de phuibliocánaigh agus de dhaoine eile a bhí ’n-a suidhe chun bídh ’n-a bhfochair. 30Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach agus peacach? 31Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag daoine breóite. 32Ní chun fíoraon do ghlaodhach chun aithrighe a thánag, ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe.

33Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól? 34Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an céile ’n-a bhfochair? 35Ach tiocfaidh na laethanta nuair a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. 36Agus dubhairt sé leó i soluíd: Ní chuireann aoinne preabán, gearrtha de bhall éadaigh a bheadh nua, mar dheisiú ar sheana-bhall éadaigh, mar do loitfeadh sé an t-éadach nua, agus an preabán a baineadh de’n éadach nua ní oirfeadh sé do’n tsean-éadach. 37Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair, mar brisfidh an fíon nua an seana-leathar, agus doirtfar an fíon agus caillfar an t-árthach leathair. 38Ach ní foláir an fíon nua do chur i n-árthaíbh nua i dtreó go gcoimeádfar iad araon. 39Agus aoinne a bhíonn ag ól sean-fhíona ní thaithnfidh an fíon nua láithreach leis, óir deir sé, Is fearr an sean-fhíon.