CAIBIDIOL VI.
1Agus do thárla go raibh sé ag gabháil tré ghortaibh arbhair an tarna céadshabbóid, agus go raibh na deisgiobuil ag stathadh na ndias agus ’ghá gcimilt idir a mbasaibh agus ’ghá n-ithe.[* 1] 2Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh leó: Cad chuige dhaoibh nídh nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? 3Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n’fhochair? 4[1]Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus thóg sé na bulóga fiadhnaise agus d’ith, agus thug sé do’n mhuintir a bhí i n’fhochair, agus ní dleaghthach d’aoinne iad a dh’ithe [2]ach do sna sagairt? 5Agus dubhairt sé leó: Is tighearna Mac an Duine os cionn na sabbóide féin.
6Agus do thárla, lá eile sabbóide, go ndeaghaidh sé isteach sa tsinagóig agus go raibh sé ag teagasg; agus bhí duine ann agus bhí a lámh dheas seirgthe. 7Agus bhí na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ag faire air féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas lá na sabbóide, agus go mbeadh nídh acu le cur ’n-a leith. 8Ach bhí fios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh. 9Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé ’cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhilleadh? 10Agus d’fhéach sé ortha sa tímpal, agus dubhairt leis an nduine: Sín amach do lámh. Do shín; agus bhí sí slán aige. 11Agus bhíodar-san lán de mhí-
- ↑ Ver. 1. “An tarna céad-shabbóid.”—Deir drong gur b’í Sabbóid na Cínncíse a cialluíghtear anso, mar gur bhí sin an tarna féile mhór do réir úird; deir drong eile go gcialluightear ann an tsabbóid a thagann i ndiaidh aon fhéile sholmanta.