Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/166

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
156
Caib. VI. 12
LÚCÁS

chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint cad a dhéanfaidís le h-Íosa.


12Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé. 13Agus nuair a tháinig an lá do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil, agus do thogh sé dáréag acu, agus thug sé Aspoil mar ainim ortha san; 14Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus, 15Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, 16Agus Iúdás dritháir Iacóib, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.

17Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige, 18Daoine a tháinig chun go n-éistfidís leis agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus an mhuintir a bhí d’á gciapadh ag spioraidíbh neamhghlana do leighiseadh iad. 19Agus bhí an tsluagh go léir a d’iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne.


20[1]Agus thóg sé suas a shúile agus d’fhéach sé ar a dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a dhaoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé.

21Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois, óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá anois ag gol, óir gáirfidh sibh.

22Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach ’n-a droch-ainim, mar gheall ar Mac an Duine. 23Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mórtais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh.

24[2]Ach is mairg daoibh-se, a dhaoine saidhbhre, óir tá bhúr sólás agaibh.

  1. Mait. v. 2.
  2. Eccli. xxxi. 8; Amos vi. 1.