Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/136

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
126
 

ach do’n Athair. 33Tugaidh aire, deinidh faire agus úrnuighthe; óir ní fios daoibh cathain a bheidh an t‑am ann. 34Ar nós duine a dh’fhág a thigh agus d’imthigh i gcéin, agus a thug d’á sheirbhíseachaibh déanamh gach oibre, agus a dubhairt leis an ndóirseóir faire dhéanamh; 35Deinidh-se faire, d’á bhrígh sin, (óir ní fios daoibh cathain a thiocfaidh an tighearna, um thráthnóna, i lár na h‑oidhche, ar ghlaodach an choiligh, nó ar maidin) 36Le h‑eagla, nuair a thiocfadh sé, gur i nbhúr gcodladh a gheobhadh sé sibh. 37Agus an rud a deirim libh-se deirim le gach aoinne é: Deinidh faire.


CAIBIDIOL XIV.

An chéad chuid de thuairisg páise Ċríost.

1Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na sagairt agus na Sgríbhneóirí ’ghá chuimhneamh conus a dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis. 2Ach dubhradar: Ná deintear é lá na féile, le h‑eagla go n‑eireóchadh achrann ameasg an phobuil.

3Agus bhí sé i mBetánia, i dtigh Shímóin lobhair, ’n‑a shuidhe chun bídh agus tháinig bean agus bosca alabastair aici d’ola spícnáird a bhí ana-dhaor, agus do bhris sí an bosca alabastair agus dhoirt sí an ola ar a cheann. 4Agus bhí daoine láithreach agus tháinig fearg ortha, agus dubhradar ’n‑a n‑aigne féin: Cad chuige an bhásta san a dhéanamh ar an ola? 5D’fhéadfaí an ola san do dhíol ar níos mó ’ná trí chéad [1]píosa airgid agus é thabhairt do sna bochtaibh. Agus bhíodar ag casaoid léi. 6Agus dubhairt Íosa: Leigidh di. Cad chuige dhaoibh bheith ag casaoid léi? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. 7Óir táid na boicht i nbhúr bhfochair agaibh i gcómhnuighe, agus féadfaidh sibh maith a

  1. Denarius (nó drachma) a tugtar ar an bpíosa airgid sin. B’é an phingin Rómhánach é. Feic Mait. xvii. 23; Lúc. xv. 18, na nótaí.