Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/135

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIII. 16
125
MARCUS

bhreith as an dtigh; 16Agus an t‑é a bheidh sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait. 17Agus is mairg do lucht clainne d’iompar agus do lucht clainne dh’oileamhaint ins na laethibh sin; 18Agus bídhidh ag guidhe gan iad a bheith sa gheimhre. 19Óir beidh ins na laethibh sin cruadhtan ná raibh a leithéid ann ó thusach an chruithniú a chruithnigh Dia go dtí anois, agus ná beidh. 20Agus mura gcioruigheadh an Tighearna na laethanta ní bheadh dul as ag feóil ar bith; ach ar son na bhfíoraon atá toghtha aige do chioruigh sé na laethanta. 21Agus anois má deir aoinne libh, Féach, tá Críost anso; féach, tá sé ansúd: ná creididh. 22Óir eireóchaid críosdana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí uatha agus iongnaí, chun na bhfíoraon féin do mhealladh, dá mb’fhéidir é. 23Tugaidh-se aire, d’á bhrígh sin; féach, tá gach nídh innste agam daoibh roim ré.

24[1]Ach ins na laethibh sin, tar éis na buartha san, dorchóchaidh an ghrian agus ní thabharfaidh an ghealach a solus, 25Agus beidh na réilte ag tuitim as an spéir, agus beidh na cómhachta atá ins na flathais d’á suathadh. 26Agus ansan chífid siad Mac an Duine ag teacht ins na sgamalaibh, le mórán cómhacht’ agus glóire. 27Agus ansan cuirfidh sé a aingil amach agus cruinneóchaidh sé a fhíoraoin ó sna cheithre gaoithibh, ó fhíor-imeall an tailimh go fíor-imeall neimhe. 28Fóghlumuidh ó’n gcrann fíge soluíd. Nuair a bhíonn a géag bog agus an duilleabhar tagaithe is eól daoibh an samhradh bheith i n‑achmaireacht. 29Mar sin daoibh-se nuair a chífidh sibh na neithe seo ag teacht chun cinn, bíodh fhios agaibh é bheith ins na dóirsibh buailte libh. 30Go deimhin a deirim libh, ní h‑imtheóchaidh an tsliocht so go dtagaid na neithe seo go léir chun cinn. 31Raghaidh spéir agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaidh mo bhréithre-se ar neamhnídh.

32Ní fios d’aoinne, ámhthach, an lá san ná an uair, d’á mb’iad na h‑aingil ins na flathais iad, nó an Mac,[* 1]

  1. Isáias xiii. 10; Ezech. xxxii. 7; Ióel ii. 10.
  1. Ver. 32. “Nó an Mac.”—Ní ’ghá rádh é go bhfuil Mac Dé gan aon eolus ar Lá an bhreitheamhantais, ach ’ghá rádh ná raibh an t‑eólus aige le teagasg dúinne i n’ oide againn; nídh nár mhaith dhúinn.