dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach ní’limse i gcómhnuighe agaibh. 8An nídh a bhí aici seo le déanamh tá sé déanta aici; tá ola curtha roim ré aici ar mo chorp-sa i gcóir adhlactha. 9Go deimhin adeirim libh: pé áit ’n‑a gcraobhsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an domhain go léir, neósfar ann, mar chuimhneamh uirthi seo, an nídh atá déanta aici.
10Agus d’imthigh Iúdás Iscáriót, duine de’n dáréag, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, chun é dhíol leó. 11Agus nuair airigheadar é bhí áthas ortha, agus ghealladar dó go dtabharfaí airgead dó. Agus bhí sé ag faire chun caoi fhághail ar é thabhairt suas.
12Agus an chéad lá de laethibh an aráin gan giost nuair a deintí ídhbirt na Cásga, dubhairt a dheisgiobuil leis: Cár mhaith leat go raghmís agus go ndéanfaimís an Cháisg d’ollamhú dhuit le n‑ithe? 13Agus chuir sé uaidh beirt d’á dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa chathair agus casfar oraibh fear agus árthach uisge ar a mhuin aige; leanaidh é. 14Agus pé áit ’n‑a raghaidh sé isteach abraidh le fear an tighe, Deir an Máighistir, Cá bhfuil an seómra ’n‑a n‑íosfad an Cháisg i dteannta mo dheisgiobul? 15Agus taisbeánfaidh sé daoibh seómra mór, agus é curtha i dtreó, agus déinidh ollamhú dhúinn ann.
16Agus d’imthigh na deisgiobuil agus thánadar sa chathair, agus fuaradar mar a dubhairt sé, agus d’ollamhuigheadar an Cháisg.
17Agus nuair a bhí an trathnóna ann tháinig sé i n‑aonfheacht leis an dáréag. 18Agus nuair a bhíodar ’n‑a suidhe agus ag ithe, dubhairt Íosa: Go deimhin a deirim libh, tá duine agaibh-se, atá ag ithe am theannta, agus díolfaidh sé mé. 19Agus tháinig buairt ortha, agus chromadar ar a rádh leis, ’n‑a nduine a’s ’n‑a nduine: An mise é? 20Agus dubhairt sé leó: Duine de’n dáréag, duine a chuireann a lámh sa n‑aon mhéis liom. 21Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, [1]fé mar atá sgríobhtha ’n‑a thaobh; ach is ró-mhairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do thabhairt
- ↑ Salm xl. 10; Gníomh. i. 16.