Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/114

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
104
Caib. VI. 38
MARCUS

amlaidh a dh’imtheochaimíd agus cheannóchaimíd ar dhá chéad pingin arán le tabhairt dóibh le n‑ithe? 38Agus dubhairt sé teó: An ’mó bulóg aráin agaibh? Imthighidh agus féachaidh. Agus nuair a bhí ’fhios acu dubhradar: Chúig bhulóga, agus dhá iasg. 39Agus d’órduigh sé dóibh na daoine go léir do chur ’n‑a suidhe ’n‑a gcuideachtanaibh ar an bhféar glas. 40Agus do shuidheadar ’n‑a mbuidhnibh, ’n‑a gcéadaibh agus ’n‑a gcaogadaibh. 41Agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun na bfhlathas, agus bheannuigh sé iad agus bhris, agus thug d’á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir. 42Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. 43Agus thógadar an fuighleach, dhá chiseán déag de bhia bhriste, agus des na h‑iasgaibh. 44Agus bhí chúig mhíle fear sa méid daoine do chaith an bia.

45Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun siubhail. 46Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad, d’imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh.

47Agus nuair a bhí an déanaíghe ann bhí an long i lár na faraige, agus bhí sé féin i n’aonar ar an dtalamh tirim. 48[1]Agus chonaic sé iad ar a ndícheall ag rámhaídheacht, mar bhí an ghaoth ’n‑a gcoinnibh; agus tímpal na ceathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé chúcha agus é ag siubhal ar an bhfaraige, agus mheas sé gabháil thórsa. 49Agus nuair a chonacadar-san é ag siubhal ar an bhfaraige cheapadar gur samhail a bhí ann agus do liúgadar. 50Óir do chonacadar go léir é, agus bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. 51Agus tháinig sé chúcha ar bórd na luinge agus do stad an ghaoth. Agus do mhéaduigh ar a n‑uathbhás i n‑a n‑aigne. 52Óir níor thuigeadar i dtaobh na mbulóg, mar bhí a gcroidhe dúr.


53Agus nuair a bhí tagaithe treasna acu bhíodar i dtír Ghenesaret, agus thánadar chun puirt. 54Agus nuair