Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/113

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. VI. 24
103
MARCUS

bhuigh sé dhi: Pé rud a iarrfair orm tabharfad duit é, dá mba leath mo rígheachta é. 24Agus cuaidh sise amach, agus dubhairt sí le n‑a máthair: Cad a dh’iarrfad? agus dubhairt an mháthair: Ceann Eóin Bhaiste. 25Agus do rith sí isteach i láthair an rí chun iarraidhthe, agus dubhairt sí: Is maith liom go dtabharfá dhom láithreach, ar mhéis, ceann Eóin Bhaiste. 26Agus tháinig buairt ar an rí; mar gheall ar an ndearbhú agus ar na daoine a bhí láithreach níor mhaith leis dólás a chur uirthi; 27Agus do chuir sé an básaire uaidh, agus d’órduigh sé an ceann a thabhairt leis ar mhéis. 28Agus do bhain sé an ceann de saphríosún, Agus thug sé an ceann leis ar mhéis; agus thug sé do’n chailín é, agus thug an cailín d’á máthair é. 29Agus d’airigh a dheisgiobuil an sgéal, agus thánadar agus do rugadar leó an corp, agus chuireadar sa n‑uaigh é.


30[1]Agus tháinig na h‑Aspoil chun Íosa, agus d’innseadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh múinte acu. 31Agus dubhairt sé leó : Tagaidh i leithtaoibh go h‑áit uaigneach agus glacaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir bhí a raibh ag teacht agus ag imtheacht líonmhar, agus ní raibh uain acu chun bídh a chaitheamh. 32Agus chuadar ar bórd luinge agus d’imthigheadar go h‑áit uaigneach, fé leith.

33Agus chonaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigheadar iad, agus do ritheadar ’n‑a gcuis, amach as na bailtibh go léir, chun na h‑áite, agus bhíodar ann rómpa. 34Agus tháinig Íosa amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, óir bhíodar mar bheadh caoise gan aodhaire, agus chrom sé ar a lán neithe theagasg dóibh.

35Agus nuair a bhí mórán de’n lá caithte tháinig a dheisgiobuil agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo agus tá an lá imthighthe; 36Leig chun siubhail iad, i dtreó go raghaid siad isteach ins na bailtibh agus ins na sráidibh is giorra dhóibh, agus go gceannóchaid siad bia dhóibh féin le n‑ithe. 37Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: Tugaidh-se rud le n‑ithe dóibh. Agus dubhradar leis: An