Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/112

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
102
Caib. VI. 12
MARCUS

idh as an áit sin agus deinidh an ceó crothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n‑a gcoinnibh.[1] 12Agus chuadar amach agus d’fhógradar aithrighe dhéanamh.13Agus cuireadar mórán deamhan amach a’ daoine, agus chuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leighseadar iad.


14Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí [2]a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n‑oibriú tríd. 15Agus deireadh daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh. 16Agus nuair a dh’airigh Héród é dubhairt sé: Eóin, gur bhaineas-sa an ceann de, siné atá eirighthe ós na mairbh.

17Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n‑a mnaoi agat. 18Agus deireadh Eóin le Héród: [3]Ní dleaghthach duit bean do dhrithár a bheith ’n‑a mnaoi agat. 19Agus bhí Héródias ag déanamh ceilge ’n‑a choinnibh, a d’iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag eirighe léi. 20Óir bhí eagal ar héród roimh eóin, mar bhí fhios aige gur duine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.[* 1]

21Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein Hépód féasta lae a bheirthe do phriúnsaíbh agus do thaoiseachaibh agus d’uaislibh Gaililí, 22Agus tháinig, inghean Héródias isteach agus leis an gcuideachtain, do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain, agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh is maith leat, agus tabharfad duit é. 23Agus do dhear-

  1. Gheibhmíd annso sa nGréigis na focail seo:—“go deimhin adeirim libh, beidh sé níos saoire do Shodom agus do Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná do’n chathair sin.”
  2. .i. ainim Íosa.
  3. Lebhit. xviii. 16.
  1. Ver. 20. “Agus bhí sé ghá choimeád,” .i., ar Héródias; agus le h‑eagla roimis na daoíne ní chuirfadh sé chun báis é, bíodh go raibh sí ghá iarraidh air. Do dhein sí a toil ’n‑a dhiaidh san le congnamh a h‑inghíne.