a thánadar as an luing d’aithnigheadar láithreach é, 55Agus chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir agus ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, ar thochtaibh, chun na h‑áite i n‑a n‑airighdís é bheith; 56Agus pé ball ’n‑a dtéigheadh sé isteach, i sráidibh nó i mbailtibh nó i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite ar na sráidibh, agus bhídís ’ghá iarraidh air leigint dóibh fiú baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis do leighistí iad.
CAIBIDIOL VII.
1Agus tháinig Fairisínigh agus raint des na Sgríbhneóiríbh ó Ierúsalem, agus bhailigheadar chuige. 2Agus nuair a chonacadar cuid d’á dheisgiobuil ag ithe aráin agus a lámha coitchian, ’sé sin gan nighe, chasadar leó é. 3Óir ní ithid na Fairisínigh ná na Iúdaigh bia gan a lámha do nighe go minic, ag coimeád nóis na sinsear. 4Agus ar theacht ó’n margadh dhóibh ní ithid bia gan iad féin do nighe, agus tá a lán eile sean-nós atá ortha a choimeád, ar a bhfuil na cupáin do nighe, agus na crúscaí, agus na h‑árthaí práis, agus na leapacha. 5Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí dhé: Cad ’n‑a thaobh ná siubhlaid do dheisgiobuil-se do réir nóis na sinsear, agus go n‑ithid siad bia gan a lámha do nighe? 6Ach d’fhreagair seisean iad agus dubhairt: Is mait an targaireacht a dhein Isáias oraibh-se, a lucht an fhill, mar a bhfuil sgríobhtha: [1]Molaid na daoine seo mé le n‑a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe; 7Adhradh folamh a thugaid siad dom, ag múineadh teagasg agus aitheanta daoine.[* 1] 8Óir tréigeann sibh órdú Dé, agus coimeádann sibh nós daoine; deineann sibh na crúscaí agus na cupáin do
- ↑ Isáias xxix. 13.
- ↑ Ver. 7. “Teagasg agus aitheanta daoine.” Feic an nótú ar Mhait. xv. 9, 11.