Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 6/Sgeul ar an Dreoilín

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 6  (1894) 
Sgeul ar an Dreoilín
[ 95 ]

CONNAUGHT IRISH.


[ 95 ]

SGEUL AR AN DREOILÍN.

Ins an leaḃrán “Siamsa an Ġeiṁriḋ” tá cur síos ar an nós ar imir an dreóilín ar an iolra (= Iolar) agus ar an sionnaċ. Cuirfimid síos ann so mar ḃain sé sásaḋ do ḟear do ċaill a nead agus mar ḃagair sé ar an tailliúir ’nuair buḋ ṁian leis deifir do ċur ar a ċulaiḋ ḃainnse do ḋeanaṁ:—

Ḃí caréire ins an tsean-aimsir do ḃíoḋ a’ taḃairt lasta ó ṡiopaiḃ móra go dtí luċt siopa giorra. Mar buḋ ṁinic amuiġ ’san oiḋċe é, do ḃíoḋ airm ċosainte ar iomċar leis, ar ḟaitċios go gcasfaiḋe robá- laiḋe ḋó. A’ dul ó’n mbaile mór ḋó ar fud na tuaiṫe lá breáġ gréine, stad sé ar an mbóṫar a’ taḃairt sgíṫe dá ċapall. A’ breaṫnuġaḋ ṫar claiḋe ḋó, ċonnaic sé feur fada milis taoḃ ’stiġ. Cuaiḋ sé isteaċ go mbainfeaḋ sé gaḃáil ḟéir dá ċapall. Ṫarla go raiḃ nead ag dreoilín ann agus le linn bainte an ḟéir cailleaḋ an nead ar an dreóilín. D’ eitill an sean-dreóilín amaċ agus duḃairt, “Beiḋ mise suas leat faoi mo nead do ċailleaḋ.” “Cad do ṡorra ḋuit?” ars an cairéire. “Cia an nós a m-beiḋṫeá suas liomsa, a ruidín ṡuaraiġ? Cia an ḃeann tá agamsa ort?” “beiḋ ’ḟios agat ar ball,” ars an dreóilín, “óir ní’l braon fíona no brannda tá ’san gcairt agat naċ ndóirtfiḋ mise ar fud an ḃóṫair.” “Déan do ḋíċeall,” ars an cairéire. Amaċ leis an dreóilin agus d’eitill sé as ċoca an tsoiṫiġ i n-a raiḃ an brannda. Níor leis an gcaréire dob’ ḟail- liġe. Tarraing sé a ċlaiḋeaṁ ⁊ ṡaoil sé an dreoilín a ṁarḃaḋ, aċt cad ar ar ḃuail sé an buille aċt ar ċoca an ḃairile i n-a raiḃ an brannda. Ṫuit an soiṫeaċ anuas ar an mboṫar agus rinneaḋ píosaiḋe ḋe agus dóirteaḋ an brannda. Ċuir sin fearg án-ṁór ar an gcairéire boċt, óir ní raiḃ ’ḟios aige cia an leiṫsgéul do ḃéaraḋ dá [ 96 ]ṁaiġistir faoi ḋórtaḋ an ḃrannda, ’nuair raċaḋ sé a ḃaile. Ḃí an-ḟearg air leis an dreóilín agus nuair d’eitill an dreoilín ar an soiṫeaċ fíona, ṫarraing an caréire a ṡean-ḃuille de’n ċlaiḋeaṁ leis an gceann do sgiobaḋ de’n dreóilín, aċt ṫuit an buille ar an soiṫeaċ i n-a raiḃ an fíon, agus rinneaḋ ḋá leiṫ ḋe. D’imṫiġ an dreóilín leis, a’ fágḃáil an ċairéire a’ smuaineaḋ fá n-a aiṁleas agus fá ’n gcóir a ċuir an dreóilín air, agus a’ maċtnaḋ faoi mar ġlacfaḋ a ṁaiġistir leis ’nuair ṫiocfaḋ sé a ḃaile.

“Is luġa ná friġid máṫair an droċ-aḋḃair.”