Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 6/Bearna Dhiarmada

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 6  (1894) 
Bearna Dhiarmada
[ 96 ]

BEARNA DHIARMADA.

[ 96 ]

(Continued.)

[ 96 ]Ḃí Diarmaid ag triall ṫrí ṁeall cailliġe. Ċuala sé torann ’na ḋiaiḋ, ⁊ leis sin do riṫ bean as boṫán ar ṫaoiḃ an ḃóṫair ⁊ liúiġ sí, “bí ar suiḃal, a Ḋiarmaid; tá Oirpin ⁊ a ṡluaġ ar tí do ṁarḃṫa.” Ċuir Diarmaid gáire as.

“An mó[1] fear ann?” ar seisean. “Tá ḋá ṁarcaċ deug: táid ag teaċt trasna droiċid an eiḋneáin. Cluinim torann na gcapall: riṫ leat ar son Dé!” “Beanfad gé asda ar dtús go háiriġṫe,” ar Diarmaid, ⁊ leis sin do ṫáinig an ḟuirionn ag cos-in-áirde tar lúb an ḃóṫair, cuḃrán bán ar ḃeulḃaċ gaċ capaill ⁊ deataċ allais ag éirġe as a mbleunaiḃ.[2] Le gáir ⁊ le béic d’ionnsaiġeadar é, cruiḋte na n-eaċ ag baint teineaḋ creasa as an mbóṫar.

“A Ḋiarmaid! a Ḋiarmaid! ar ċaillis do ċéill? rit leat; táid anuas ort,” ars an ḃean.

“Cad é an ṁaiṫeas dam sin, a ḃean? Tá na maċairiḋe míne ar mo dá ṫaoiḃ, ⁊ na bealaiġ réiḋ de ṁarcaċ dian.”

Ní ḋeunfaiḋ sé feiḋm ċum imṫeaċt uaṫa ar a ṡon go ḃ-ḟuil sé ċoṁ mear le coin ⁊ ċoṁ meisneaṁail le leóṁan. Tá ’na ṡeasaṁ ar lár an ḃóṫair ċoṁ díreaċ le gáinne.[3]

“Mar ṁairim!” ar seisean, “an marcaċ úd an ġearáin duiḃ i dtosaċ, an tsrian ’na ḃeul ⁊ an claiḋeaṁ ’na ċiotóig, is é Cit cam ṡúileaċ é go deiṁin!” “Ar ṫréig do lúṫ ṫú, a Ḋiarmaid? Ní’l géiḃeann i ndán duit anois, aċt claiḋeaṁ dod’ ċliaḃ.”

Ċuala sé dranntán Ċit ⁊ ċonnairc fearg a ḋeilḃe, ’nuair ṫáinig an láir ḋuḃ álainn mar ġála gaoiṫe ’n-a aġaiḋ.

Léim Diarmaid as a ċorp tar cloiḋe teorann an ḃóṫair—deirid na sean daoine go raiḃ an cloiḋe sé troiġṫe ar áirde—⁊ do léim an t-eaċ treun é ’na ḋiaiḋ. D’eitig[4] na capaill eile an léim ⁊ ḃí Cit faoi ḋeireaḋ a láiṁ a ṡean-náṁad. Do ṁeas Cit an t-eaċ do ṫiomáint ṫrí Ḋiarmaid, aċt ḃí seisean ro-ċlisde; do léim sé ar leaṫtaoib, ⁊ fuair Cit an claiḋeaṁ mór i mbaic a muinéil gur ṫuit i g-croṫaiḃ báis ó’n diallaid. Do lean Diarmaid go tiuġ i rian an eiċ, le preab do ċuaiḋ se ’san diallaid ⁊ as go bráṫ leis.

Maṫġaṁain Ċinn Ṁara.

[ 96 ]

(To be continued.)


  1. Cá ṁeud, how many.
  2. Flanks.
  3. An arrow.
  4. Refused.