Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
96
THE GAELIC JOURNAL.

ṁaiġistir faoi ḋórtaḋ an ḃrannda, ’nuair raċaḋ sé a ḃaile. Ḃí an-ḟearg air leis an dreóilín agus nuair d’eitill an dreoilín ar an soiṫeaċ fíona, ṫarraing an caréire a ṡean-ḃuille de’n ċlaiḋeaṁ leis an gceann do sgiobaḋ de’n dreóilín, aċt ṫuit an buille ar an soiṫeaċ i n-a raiḃ an fíon, agus rinneaḋ ḋá leiṫ ḋe. D’imṫiġ an dreóilín leis, a’ fágḃáil an ċairéire a’ smuaineaḋ fá n-a aiṁleas agus fá ’n gcóir a ċuir an dreóilín air, agus a’ maċtnaḋ faoi mar ġlacfaḋ a ṁaiġistir leis ’nuair ṫiocfaḋ sé a ḃaile.

“Is luġa ná friġid máṫair an droċ-aḋḃair.”


BEARNA DHIARMADA.

(Continued.)

Ḃí Diarmaid ag triall ṫrí ṁeall cailliġe. Ċuala sé torann ’na ḋiaiḋ, ⁊ leis sin do riṫ bean as boṫán ar ṫaoiḃ an ḃóṫair ⁊ liúiġ sí, “bí ar suiḃal, a Ḋiarmaid; tá Oirpin ⁊ a ṡluaġ ar tí do ṁarḃṫa.” Ċuir Diarmaid gáire as.

“An mó[1] fear ann?” ar seisean. “Tá ḋá ṁarcaċ deug: táid ag teaċt trasna droiċid an eiḋneáin. Cluinim torann na gcapall: riṫ leat ar son Dé!” “Beanfad gé asda ar dtús go háiriġṫe,” ar Diarmaid, ⁊ leis sin do ṫáinig an ḟuirionn ag cos-in-áirde tar lúb an ḃóṫair, cuḃrán bán ar ḃeulḃaċ gaċ capaill ⁊ deataċ allais ag éirġe as a mbleunaiḃ.[2] Le gáir ⁊ le béic d’ionnsaiġeadar é, cruiḋte na n-eaċ ag baint teineaḋ creasa as an mbóṫar.

“A Ḋiarmaid! a Ḋiarmaid! ar ċaillis do ċéill? rit leat; táid anuas ort,” ars an ḃean.

“Cad é an ṁaiṫeas dam sin, a ḃean? Tá na maċairiḋe míne ar mo dá ṫaoiḃ, ⁊ na bealaiġ réiḋ de ṁarcaċ dian.”

Ní ḋeunfaiḋ sé feiḋm ċum imṫeaċt uaṫa ar a ṡon go ḃ-ḟuil sé ċoṁ mear le coin ⁊ ċoṁ meisneaṁail le leóṁan. Tá ’na ṡeasaṁ ar lár an ḃóṫair ċoṁ díreaċ le gáinne.[3]

“Mar ṁairim!” ar seisean, “an marcaċ úd an ġearáin duiḃ i dtosaċ, an tsrian ’na ḃeul ⁊ an claiḋeaṁ ’na ċiotóig, is é Cit cam ṡúileaċ é go deiṁin!” “Ar ṫréig do lúṫ ṫú, a Ḋiarmaid? Ní’l géiḃeann i ndán duit anois, aċt claiḋeaṁ dod’ ċliaḃ.”

Ċuala sé dranntán Ċit ⁊ ċonnairc fearg a ḋeilḃe, ’nuair ṫáinig an láir ḋuḃ álainn mar ġála gaoiṫe ’n-a aġaiḋ.

Léim Diarmaid as a ċorp tar cloiḋe teorann an ḃóṫair—deirid na sean daoine go raiḃ an cloiḋe sé troiġṫe ar áirde—⁊ do léim an t-eaċ treun é ’na ḋiaiḋ. D’eitig[4] na capaill eile an léim ⁊ ḃí Cit faoi ḋeireaḋ a láiṁ a ṡean-náṁad. Do ṁeas Cit an t-eaċ do ṫiomáint ṫrí Ḋiarmaid, aċt ḃí seisean ro-ċlisde; do léim sé ar leaṫtaoib, ⁊ fuair Cit an claiḋeaṁ mór i mbaic a muinéil gur ṫuit i g-croṫaiḃ báis ó’n diallaid. Do lean Diarmaid go tiuġ i rian an eiċ, le preab do ċuaiḋ se ’san diallaid ⁊ as go bráṫ leis.

Maṫġaṁain Ċinn Ṁara.

(To be continued.)


THE GAELIC PAPERS.

The Gaodhal—247 Kosciusko-street, New York (60 cents a month).

The Irish Echo—3 La Grange-street, Boston (ten cents a year).

The Celtic Monthly—17 Dundas-street, Kingston, Glasgow (4/- a year).

MacTalla—Sydney, Cape Breton, Canada (one dollar a year).

Publications containing an Irish column—Tuam News, Weekly Freeman, United Ireland, Cork Archæological Society’s Journal; in America—Irish-American, San Francisco Monitor, Chicago Citizen; in Scotland—Oban Times, Inverness Northern Chronicle.


Printed by Dollard, Printinghouse, Dublin, where the Journal can be had, price Sixpence for single copy. All remittances to be addressed to the Manager, Dollard’s, Printinghouse, Dublin, payable to Joseph Dollard. Editor also requests that he will be communicated with in case of delay in getting Journal, receipt, &c. The Journal can also be had from the Booksellers in Dublin, Cork, Belfast, &c. Applications for Agencies for sale of the Journal invited.


Printed by Dollard, Printinghouse, Dublin.


  1. Cá ṁeud, how many.
  2. Flanks.
  3. An arrow.
  4. Refused.