IRISLEAḂAR NA GAEḊILGE
THE GAELIC JOURNAL:
Exclusively devoted to the Preservation and Cultivation of the Irish Language.
Founded, Conducted and Published by the Gaelic Union.
AN ĠAEḊILIG INS AN NAOṀAḊ AOIS DEUG.
Is aois iongantus an aois so: atáid uallaiġe ag a d-tarruing ar ḃóiṫriḃ, agus talaṁ ag a treaḃaḋ, le briġiḃ teine agus uisge; agus ar muir atáid loingeas gan fiu an t-seoil ag imṫeaċt “I n-aġaiḋ na tuile ’s i g-coinne na taoide,” agus i g-coinne na gaoiṫe mar an g-céadna. Is féidir teacṫaireaċt i sgriḃinn do ċur timċioll na cruinne arís agus arís i g-ceaṫraṁa uaire an ċloig: agus is féidir le beirt caint do ḋéanaḋ le ċéile agus leiṫead baile ṁóir eadorra. Déantar ioṁaiġe do ḋealḃaḋ le gaeṫiḃ na gréine a smeide súl, agus soillsiġṫear bailte móra le solus electreaċ: agus mar sin do ċéad níḋ eile; atáid siad ag a n-déanaḋ i móḋ do measfaiḋe a ḃeiṫ ’na ḋraoiġeaċt tamall o ṡoin. Agus ní h-é aṁáin go ḃ-fuil ealaḋna nuaḋa ag a g-cumaḋ, agus neiṫe nuaḋa ag a ḃ-fáġail amaċ gaċ lá, aċt fós atá an ḟírinne ag a noċtaḋ i d-taoiḃ neiṫeaḋ ar a raiḃ daoine in ainḃfios ’riaṁ roiṁe so. Do saoileaḋ ’riaṁ gus an aois so go m-buḋ teangṫa coṁġaoil an Eaḃrais agus an Ġaeḋilig, aċt is eol do gaċ fear leiġin anois gur ab gaol i ḃ-fad amaċ atá aca le ċéile. Is fios, mar an g-céadna, do gaċ n-duine eolgaċ gur ab fogus é gaol ár d-teangan-ne do’n Laidion, do’n Ġreigis, do’n Ḃéarla, do ṫeangtaiḃ na Gearmáine, na Fraince, na Spáinne, na h-Iodáile agus na h-India Ṡoir. Is foigse, fós, do’n Ġaeḋilig an Ḃreaṫnais agus teanga na Breatainne bige ’sa’ ḃ-Frainc: agus is ró ḃeag naċ í an ċaint ċéadna a tá againn féin agus ag muintir ṫuaiscirt Albann. An fad do ḃí Eireannaiġe mar so a n-ainḃfios i d-taoiḃ a d-teangan, do sgríoḃadar mórán uirre do ṫug cúis maga fúṫa do luċd léiġin, aċt ó fuaraḋ amaċ go cinnte fios a coṁġaoil do na teangṫaiḃ eile úd do ṁéaduiġ meas na ḃ-fíor-eolgaċ uirre ar móḋ go ḃ-fuil mórán díoḃ anois i d-tíorṫaiḃ coigcríċe ag a fóġluim. Is niḋ iongantaċ dar n-dóiġ ollaṁain na Fraince, na Gearmáine agus na h-Iodáile—na daoine is mó eolus ’san g-cruinne—a ḃeiṫ ag fóġluim na teangan ar a ḃ-fuil meas coṁ beag ag an droing d’ar ab teanga ḋílis í. Ní furus an teanga so na h-Éireann d’ḟóġluim, go h-airiġṫe do’n ṁuintir ná’r ċualaiḋ focal dí ariaṁ ó ḃeul duine. Atá fios gaċ fóġluma le fáġail ag muintir na g-críoċ úd a dúḃraḋ ’na d-teangṫaiḃ féin, cread fá, uime sin, a ḃ-fuil siad ag caiṫeaṁ a n-aimsire le teangain coigcríċe? Is mar ġeall ar an mór-ionṁuis a tá i d-teangain agus i ḃ-fóġluim na h-Éireann atá siad ag glacaḋ an duaiġ so orra féin. Atá meas ċoṁ mór sin ag luċt an ṁór eoluis ar na h-ionmusaiḃ láiṁ-scríoḃṫa a tá againne, go d-tig mórán díoḃ go h-Éirinn ag fóġlunn Gaeḋilge nuair ġeiḃid siad faill air a n-áit dul ar [ 2 ]lorg caiṫeam-aimsire, no fós, sláinte, mar an ċuid eile de’n t-saoġal. Atá le ráiṫe duine uasal o’n ḃ-Frainc, gan focal Béarla in a ḃeul, gaċ lá ’san Árdsgoil ríoġaṁuil Gaeḋealaċ a m-baile Aṫa-cliaṫ. Ní luaiṫe h-osgaltar na dóirse i meáḋon-lae do’n ċoitċionntaċd má ḃíonn se ’san teaċ astiġ, agus ó’n tráṫ sin go n-dúntar na doirse uim ṫráṫnona ní ṫeid sgiṫ air aċt ag leiġeaḋ agus ag sgríoḃaḋ Gaeḋilge ċoṁ diṫċiollaċ agus dá m-beiḋeaḋ a anam air.
Atá arís na h-árd-ollaṁain so a g-críoċaiḃ imċiana ag cur in eagar agus ag craoḃ-sgaoileaḋ leaḃar Gaeḋilge, agus sinne ag a ḃ-fuil ualaiġe de na leaḃraiḃ so ag dróġaḋ, gan duine againn ar éigin dar ab eol iad do leiġeaḋ aṁáin. A ṁuintir na h-Éireann, an ḃ-fuil so creideaṁnaċ duinn? Naċ d-tiuḃramaoid láṁ cunganta dóiḃ so atá ag iarraiḋ an droicṁeas so do sgrios amaċ. Naċ d-tiuḃramaoid láṁ do’n droing ag iarraiḋ teanga ḃur n-duiṫce do ċoimead beo, agus í do ṁúnaḋ do ḃur n-aos-óg ionnos go m-b eol dóiḃ in a ḋiaiḋ so an obair úd do ḋéanaḋ a tá anois ag a déanaḋ ḋúinn ag na daoiniḃ a g-críoċaiḃ eile. Ag so an dá ġnóḋ go ró áiriġte fá’r cuireaḋ ar bun an t-Iris so na Gaeḋilge.
Léiġfiḋ siḃ ’san iris so a n-diu aṫráḋ fada ró ṫaḃaċdaċ as an iris-nuaḋaċda is mó coṁaċta agus is foirleiṫne do leiġṫear d’á ḃ-fuil ar ḋruim talṁan—na h-Aimseara (The Times). Adeir sgriḃneoir an áilt so: “Atamaoid uile, Sagsanaiġ agus Ceiltiġ ar aoin-inntin le Aondaċt na Gaeḋilge san niḋ so:—buḋ maiṫ linn uile go n-déanfaiḋe teanga na h-Éireann do ḃeoḋúġaḋ. Is uaisle agus is luaċṁaire teanga duṫcusaċ iná aon iarsma eile de’n t-sean-aimsir.” Ar a ṡon sin, adeir sé, is diṫcéille a tá ar an muintir a tá ag cailleaṁuin a n-aimsire agus a saoṫair ag iarraiḋ an teanga so do ċoimeád beó óir ní ċoimeádfaiḋ muintir beó dóiḃ í. In áit a ḃeiṫ ag déanaḋ a n-diṫċill mar so go dioṁaoin, buḋ céilliḋe an niḋ do’n Aondaċt an Gaeḋilig do ċur in íocaiḃ agus í do leagaḋ asteaċ a d-tiġ sean-neiṫeaḋ éigin. Atá seod-ċoṁarṫaiḋe áille againn a d-tiġṫiḃ iongantus do’n t-saṁuil so—seod-ċomarṫaiḋe óir agus airgid agus fionndruinge, agus mór-ċuid díoḃ; agus is dóiġ leis an ollaṁ so go d-táinic an t-am ċum teanga na h-Éireann do ċur in a ḃ-focair súd. Aċt atá againn ualaiġe de na leaḃraiḃ láiṁ-sgríoḃṫa úd ar a d-tugaid luċt na fóġluma ionṁuis agus saiḋḃreas. Níor cuireaḋ in eagar fós aċt fíor-ḃeagán díoḃ so; atá an ċuid eile ḋíoḃ ag dróġaḋ ’s gan seisear in Éirinn eolaċ ar iad do léiġeaḋ aṁáin. Cread déanfamaoid leis na leaḃraiḃ so? Ní ṫaḃarfaḋ na daoine is mó eolus is na críoċaiḃ úd do luaiḋeaḋ linn ċeana orlaċ ḋíoḃ ar ór dá m-buḋ leo iad. An m-bronnfamaoid orra iad, agus a ráḋ leo olc no maiṫ a ḋéanaṁ ḋíoḃ? Cread deir siḃse, a ṁuintir na h-Éireann? Cuiṁniġiḋ go m-b’ ḟeárr míle uair iad do ḃronnaḋ ar aon droing faoi’n ngréin do ḋéanfaḋ iad do craoḃsgaoileaḋ iná iad do ḋróġaḋ annso: agus ní ḃ-fuil aon roġa eile againn, aċt ár leaḃra Gaeḋilge do ḃronnaḋ, a leigion dóiḃ dróġaḋ, no teanga Ġaeḋealaċ do ṁúnaḋ d’aos óg na h-Éireann, go h-áiriġṫe ins na h-áitiḃ in a ḃ-fuil sí ’na m-beul fós ag óg a’s aosta. Tugaiḋ niḋ eile fá deara fós: atá cuid de na sean-leaḃraiḃ so naċ n-déanfar a ṫuigsin na do ċur in eagar ċoiḋce le h-aon neaċ aċt le duine éigin do laḃair Gaeḋilig o n-a óige.
Atá an duine uasal úd ó’n ḃ-Frainc do luaiḋeaḋ ṡuas ag aisdriúġaḋ Annála Ríoġaċta Éireann (Annála na g-Ceiṫre Maiġistir) go Fraincís. In ráiṫe aimsire, ó ṫainic sé go h-Éirinn, do ċuir sé a g-clóḋ a b-Páiris cuid inṁeasda de leaḃar de na h-Annálaiḃ so. A ṁuintir na h-Éireann, feuċaiḋ ar so: ḃur leaḃra féin agus fos [ 3 ]mórán agaiḃ naċ feas dóiḃ iad do ḃeiṫ ann no as, d’á n-aisdriúġaḋ ó Ġaeḋilig go Fraincís agus d’á g-clóḋuġaḋ ann imigcéin, ’s gan aċt fíor ḃeagán agaiḃse ionnaṁuil ċum iad d’aisdriúġaḋ go Béarla.
Aċt cionnas do múinfear d’aos óg na h-Éireann na sean-leaḃra so do léiġeaḋ agus do ṫuigsin ionnus go m-beidís eolgaċ ar a g-cur a n-eagar agus a d-treas-ḃéarluġaḋ ’na ḋiaiḋ so? Go furus? O Ḋoire Ċoluim Cille timċioll go Portláirge atá an Ġaeḋilig in a m-beulaiḃ ag úrṁór na n-daoineaḋ. Atá, fós, mórán de na daoiniḃ óga anns na ceanntaraiḃ so ċóṁ neiṁ-eolgaċ sin ar Ḃéarla gur ab dioṁaoineas iad do ṁúnaḋ trés an teanga sin. Déantar na leinḃ anns na h-áitiḃ so do ṁúnaḋ tres an nGaeḋilig ar d-tús agus na ḋiaiḋ sin beiḋ siaḋ ionnaṁuil ċum gaċ foġluim eile do ḋéanaḋ. Mar ṡuiḋiuġaḋ ar an niḋ so, cuirfear síos a n-áit eile ’san Iris baraṁla agus fiaḋnuise na n-daoine is barántaṁla beó ar aon ċeisd ḃaineas le taḃairt suas na n-aos óg. Adeir siad so uile naċ b-fuil aċt an t-aon-t-sliġe aṁáin céilliḋe ċum aos óg gan Béarla do ṁúnaḋ agus is é sin, tre n-a d-teanga duṫċais féin i d-tosaċ. Dá múinfiḋe mar so na leinḃ a ḃ-fuil Gaeḋilig aca do ḋeanfaidís gaċ cineul foġluma go maiṫ; do leiġfidís agus do ṫuigfidís uile an Ġaeḋilig, agus do ḋeanfaḋ an drong inntleaċdaċ díoḃ eólus d’fáġail uirre mar ġeiḃid muintir na Gearmáine, agus fós níos feárr iná iad so. Arís tugann na céadta de ṁuintir na h-Eireann bliaḋna ag foġluim teanga na Gréige; agus tugann na milte ógánaċ agus cailín díoḃ cuid ṁór de ḃliaḋain no ḋó ag foġluim Fraincíse, agus sin uile gan aon tairḃe. In beagán aimsire cailltear an Gréigis go h-iomlán; agus ní ṫiocfaḋ le trian na milte úd eile do ḃíonn an ḟad úd le Fraincís deiċ ḃ-focail cainte do ḋéanaḋ le Francaċ gan é do ċur ag croċaḋ a ġualann giḋ mór a ḃéasaṁlaċt. An ṁuintir ag a ḃ-fuil inntleaċd agus aimsir agus acfuinn ċum mór-ḟoġluim do ḋéanaḋ, déanaidís í: tráġaidís “tiobruid an ḟis” go disc. Aċt iad so naċ ḃ-fuil aca aċt beagán aimsire le taḃairt le sgoil, is baois dáoiḃ an beagán so do ċaiṫeaṁ ag riṫ ar bárr Fraincíse na a saṁla d’ḟoġluim gan tairḃe. Atá sult agus tairḃe a m-beagán féin de ṫeanga na h-Éireann, agus ní beagán dí do ḃeiḋeaḋ ag an té do ċreanfaḋ an oiread aimsire léi agus do ċreanann na milte úd gaċ bliaḋain le foġluim ḋíoṁaoin. Ní’l aon taoḃ d’Éirinn in a d-triallfaiḋ duine naċ g-cluinfiḋ se ainm baile no aḃann, no sléiḃe no maiġe a nGaeḋilig, agus dár n-dóiġ is sultṁar an niḋ ciall na ḃ-focal so do ṫuigsin. Agus mar so do ṁórán neiṫeaḋ eile, faġann an té ṫuigeas an Ġaeḋilig sult ionnta.
Dár n-dóiġ is nuaḋaċd ’san aois so, agus ’san g-ceaṫraṁa ḋeiġeanaċ ḋí, Irisleaḃar toirḃearṫa go h-uile agus go h-iomlán do ċúṁḋaċ agus do ḃeóḋúġaḋ ḃur d-teangan féin. Má ṫugann siḃ-se, a ṁuintir na h-Éireann, láṁ ḟonnmar dóiḃ so at á ag cur an Iris-leaḃair so in eagar ní h-eagal do’n Gaeḋilig bás d’ḟáġail ’san aois so ná ’san aois so ċúġainn. Is cóir díoḃ, fós, a ḃeiṫ tuigsionnaċ ceannsa leó. Is sean-ḟocal eadraiḃ gurab taṫuiġe a ḋéanas maiġisdreaċd, agus ní raiḃ le fada mórán taṫuiġe ar a d-teanga féin do sgríoḃaḋ ag muintir na h-Éireann. Aċt atáid siad anois ag a fóġluim go luaiṫ-léir. Atá docaṁal eile ins an t-slíġe: ní ḃ-fuil ainm Gaeḋilge ar aon níḋ do cumaḋ, no do fuaraḋ amaċ le deiġionaiḋe, aċt dar n-dóiġ is é an cás céadna i m-Bearla é: ní béarla telegraṗ, teleṗón, geometrí, ná a saṁail, agus atá an Ġaeḋilig ċom h-oireaṁnaċ ċum a cuma féin do ċur ar ḃriaṫraiḃ iasaċta le h-aon teanga ’san doṁan.
Mar atá Aondact na Gaeḋilge ag glaoḋaċ oraiḃ-se a n-diu a Ṁuintir na [ 4 ]h-Éireann, do ġlaoḋ Aoḋ Buiḋe Mac Cuirtín go h-árd orra, céad go leiṫ bliaḋain ó ṡoin. Aduḃairt se:
“A Uaisle Eireann áile, A ċrú na g-céimeann g-combáiḋe,
Treigiḋ ḃur d-trom-ṡuan gan on, Céimiḋ lomluaḋ ḃur leaḃar.”
Do rinne se casaoid le n-a h-uaisliḃ so ins na briaṫraiḃ truaġa so in ár n-diaḋ:
“Trom an teiḋmse ṫárlaiḋ ḋaoiḃ, idir ṁnáiḃ agus ṁacaoiṁ,
Ar séanaḋ seanraḋ ḃur sean, Cóṁráḋ soluis ḃur sinnsear.”
Do ṫug sinsear ḃur n-uaċtaráin, Caṫal Oirḃídineaċ Ua Conċuḃair, Ḃéil-áṫa-na- g-cárr, toraḋ ar ġairm an ḟiliḋ; aċt is beag eile “d’uaisliḃ Éireann áile” ḋo ċuir suim ann. Do ġoir an file mar an g-céadna ar na Gaill, ag ráḋ:
“Aiṫċim fós na Gaill ġlana, le ḃ-friṫ fios gaċ fóġluma.”
Ní feas dam cia aca Gaill na h-Éireann no Gaill Sagsan d’aiṫċiḋ sé, aċt do fuair se éisteaċt o’n Ollaṁ Ionson, o Eaḋmon de Búrc, ó’n Taoiseaċ Ḃalensí, agus ó Hannrí Flood, mar atá an Aondaċt a n-diu ag fáġail éisteaċta agus caḃarṫa ó ḋaoiniḃ naċ de ṗór na h-Éireann.
Treiṁse o ṡoin do ġlaoḋamar ar ár m-bráiṫriḃ i d-tuaisceart Albann, agus atámaoid anois arís ag glaodaċ orra. Atá an teanga ċéadna againne agus ar an d-taoiḃ eile de Ṡruṫ na Maoile; atá na cleasa céadna againn agus na geasrógaiḋ céadna. Céad bliaḋain o ṡoin do ḃí dís d’árd-ḟiliḋiḃ i g-coṁ-aimsir ann—Riobárd Burns ins na h-Árdaiḃ in Albainn, agus Brian Mac Giolla Meiḋre i g-Contae an Ċláir in Éirinn. Do scríoḃ an dís so dánta timċioll na h-uaire céadna—an t-Eireanneaċ, “Cúirt an ṁeáḋoin-oiḋċe” agus an t-Albannaċ “Hallow-E’en.” ’San “g-Cúirt” atá na ranna so:—
“Níor ḃ’áil liom codlaḋ go socair aon uair díoḃ,
Gan lán mo stoca de ṫorṫaiḃ fam’ ċluasaiḃ,
Is deiṁin ná’r ḃ’obair liom trosgaḋ le cráiḃṫeaċt,
A’s gréim ná blogam ní ṡloigfinn trí tráṫa.
I n-aġaiḋ an t-sroṫa do ṫomainn mo léine
I súil trém’ ċodlaḋ le cogar mo ċéile.
Is minic do ċuaiḋ me sguaḃaḋ ó’n stáca,
M’ingne a’s mo ġruaig fá’n luaiṫ-ġríos d’ḟágfainn.
Do ċuirinn an t-súist faoi ċúl na gaiḃle
Do ċuirinn an rán go ciuin fa’n aḋairt ċúġam.
Do ċuirinn mo ċoigíl i g-cillín na h-áṫa,
’S do ċuirinn mo ċeirtlín i d-tein-aoil Mic Ráġnaill.
Do ċuirinn an ros air ċorp na sráide,
’S do ċuirinn ’san t-sop ċúġam tor cabáiste.”
Déanaidís ár leiġṫeoiriḋe coimeas idir na ranna ṡuas agus iad so eile ṡíos do sgríoḃ Burns. [Feuċ ar an dtaoiḃ eile.]
Ciannos do ṫárla do’n ḃeirt so na cleasa céadna do ḃeiṫ aca ’na n-dántaiḃ ar gaċ leiṫ? Ní ḟeacaiḋ aon duine aca riaṁ dán an duine eile. Do ċongḃaiġ na Gaeḋil ṫall agus aḃus a d-teanga mar aon le na cleasaiḃ geasrogaċa so agus a nósa eile ar feaḋ trí céad deug bliaḋain. Dár n-dóig ní leigfiḋ siad anois an teanga so do ċailleaṁuin. Atá an Ḃreaṫnuis i m-beul na n-daoineaḋ dárab teanga duṫċuis í ag [ 5 ]bláṫuġaḋ, agus an m-beiḋ Gaeḋil Albann agus Éireann gan focal d’a d-teangain uasail? Nár ceaduíġṫear an náire sin do ṫeaċt ar ċineaḋ Scoit, aċt go raiḃ ré na Saṁna ag taiṫneaṁ orra, agus gaoṫ féin na Saṁna ag séideaḋ orra, agus iad le guailliḃ a ċéile ar son a d-teangan.
Seáġan Pléimion.
The following are the Stanzas alluded to in the above Article:—
1. She through the whins, and by the cairn
And owre the hill gaed scrievin,
Whare three lairds’ lands meet at a burn,
To dip her left sark-sleeve in,
Was bent that night.
2. They hoy’t out Will, wi’ sair advice;
They hecht him some fine braw ane;
It chanced the stack he faddom’t thrice,
Was timmer-propt for thrawin’;—
3. She through the yard the nearest taks,
And to the kiln she goes then.
And darklins graipit for the banks,
And in the blue-clue throws then,
Right fear’t that night.
And aye she win’t, and aye she swat,
I wat she made nae jaukin’,
Till something held within the pat,
Guid Lord! but she was quakin’!
4. Then up gat fechtin’ Jamie Fleck,
And he swore by his conscience,
That he could saw hemp-seed a peck,
For it was a’ but nonsense.
The auld guidman raught down the pock.
And out a handfu’ gied him ;
Syne bade him slip frae ’mang the folk,
Sometime when nae ane see’d him,
And try’t that night.
5. Then straught or crooked, yird or nane.
They roar and cry a’ throu’ther;
The very wee things, toddlin’, rin,
Wi’ stocks out-owre their shouther;
And gi’f the custoc’s sweet or sour,
Wi’ joctelegs they taste them.
Syne cozily, aboon the door,
Wi’ cannie care, they’ve placed them
To lie that night,
See Burns’ “Hallowe’en.”