Page:Irisleabhar na Gaedhilge vol 1 no 1.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
4
THE GAELIC JOURNAL.

h-Éireann, do ġlaoḋ Aoḋ Buiḋe Mac Cuirtín go h-árd orra, céad go leiṫ bliaḋain ó ṡoin. Aduḃairt se:

“A Uaisle Eireann áile, A ċrú na g-céimeann g-combáiḋe,
Treigiḋ ḃur d-trom-ṡuan gan on, Céimiḋ lomluaḋ ḃur leaḃar.”

Do rinne se casaoid le n-a h-uaisliḃ so ins na briaṫraiḃ truaġa so in ár n-diaḋ:

“Trom an teiḋmse ṫárlaiḋ ḋaoiḃ, idir ṁnáiḃ agus ṁacaoiṁ,
Ar séanaḋ seanraḋ ḃur sean, Cóṁráḋ soluis ḃur sinnsear.”

Do ṫug sinsear ḃur n-uaċtaráin, Caṫal Oirḃídineaċ Ua Conċuḃair, Ḃéil-áṫa-na- g-cárr, toraḋ ar ġairm an ḟiliḋ; aċt is beag eile “d’uaisliḃ Éireann áile” ḋo ċuir suim ann. Do ġoir an file mar an g-céadna ar na Gaill, ag ráḋ:

“Aiṫċim fós na Gaill ġlana, le ḃ-friṫ fios gaċ fóġluma.”

Ní feas dam cia aca Gaill na h-Éireann no Gaill Sagsan d’aiṫċiḋ sé, aċt do fuair se éisteaċt o’n Ollaṁ Ionson, o Eaḋmon de Búrc, ó’n Taoiseaċ Ḃalensí, agus ó Hannrí Flood, mar atá an Aondaċt a n-diu ag fáġail éisteaċta agus caḃarṫa ó ḋaoiniḃ naċ de ṗór na h-Éireann.

Treiṁse o ṡoin do ġlaoḋamar ar ár m-bráiṫriḃ i d-tuaisceart Albann, agus atámaoid anois arís ag glaodaċ orra. Atá an teanga ċéadna againne agus ar an d-taoiḃ eile de Ṡruṫ na Maoile; atá na cleasa céadna againn agus na geasrógaiḋ céadna. Céad bliaḋain o ṡoin do ḃí dís d’árd-ḟiliḋiḃ i g-coṁ-aimsir ann—Riobárd Burns ins na h-Árdaiḃ in Albainn, agus Brian Mac Giolla Meiḋre i g-Contae an Ċláir in Éirinn. Do scríoḃ an dís so dánta timċioll na h-uaire céadna—an t-Eireanneaċ, “Cúirt an ṁeáḋoin-oiḋċe” agus an t-Albannaċ “Hallow-E’en.” ’San “g-Cúirt” atá na ranna so:—

“Níor ḃ’áil liom codlaḋ go socair aon uair díoḃ,
Gan lán mo stoca de ṫorṫaiḃ fam’ ċluasaiḃ,
Is deiṁin ná’r ḃ’obair liom trosgaḋ le cráiḃṫeaċt,
A’s gréim ná blogam ní ṡloigfinn trí tráṫa.
I n-aġaiḋ an t-sroṫa do ṫomainn mo léine
I súil trém’ ċodlaḋ le cogar mo ċéile.
Is minic do ċuaiḋ me sguaḃaḋ ó’n stáca,
M’ingne a’s mo ġruaig fá’n luaiṫ-ġríos d’ḟágfainn.
Do ċuirinn an t-súist faoi ċúl na gaiḃle
Do ċuirinn an rán go ciuin fa’n aḋairt ċúġam.
Do ċuirinn mo ċoigíl i g-cillín na h-áṫa,
’S do ċuirinn mo ċeirtlín i d-tein-aoil Mic Ráġnaill.
Do ċuirinn an ros air ċorp na sráide,
’S do ċuirinn ’san t-sop ċúġam tor cabáiste.”

Déanaidís ár leiġṫeoiriḋe coimeas idir na ranna ṡuas agus iad so eile ṡíos do sgríoḃ Burns. [Feuċ ar an dtaoiḃ eile.]

Ciannos do ṫárla do’n ḃeirt so na cleasa céadna do ḃeiṫ aca ’na n-dántaiḃ ar gaċ leiṫ? Ní ḟeacaiḋ aon duine aca riaṁ dán an duine eile. Do ċongḃaiġ na Gaeḋil ṫall agus aḃus a d-teanga mar aon le na cleasaiḃ geasrogaċa so agus a nósa eile ar feaḋ trí céad deug bliaḋain. Dár n-dóig ní leigfiḋ siad anois an teanga so do ċailleaṁuin. Atá an Ḃreaṫnuis i m-beul na n-daoineaḋ dárab teanga duṫċuis í ag