Page:Irisleabhar na Gaedhilge vol 1 no 1.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

IRISLEAḂAR NA GAEḊILGE



THE GAELIC JOURNAL:

Exclusively devoted to the Preservation and Cultivation of the Irish Language.

Founded, Conducted and Published by the Gaelic Union.



No. I.—Vol. I.]
[Price Sixpence.
DUBLIN, NOVEMBER, 1882.


AN ĠAEḊILIG INS AN NAOṀAḊ AOIS DEUG.

Is aois iongantus an aois so: atáid uallaiġe ag a d-tarruing ar ḃóiṫriḃ, agus talaṁ ag a treaḃaḋ, le briġiḃ teine agus uisge; agus ar muir atáid loingeas gan fiu an t-seoil ag imṫeaċt “I n-aġaiḋ na tuile ’s i g-coinne na taoide,” agus i g-coinne na gaoiṫe mar an g-céadna. Is féidir teacṫaireaċt i sgriḃinn do ċur timċioll na cruinne arís agus arís i g-ceaṫraṁa uaire an ċloig: agus is féidir le beirt caint do ḋéanaḋ le ċéile agus leiṫead baile ṁóir eadorra. Déantar ioṁaiġe do ḋealḃaḋ le gaeṫiḃ na gréine a smeide súl, agus soillsiġṫear bailte móra le solus electreaċ: agus mar sin do ċéad níḋ eile; atáid siad ag a n-déanaḋ i móḋ do measfaiḋe a ḃeiṫ ’na ḋraoiġeaċt tamall o ṡoin. Agus ní h-é aṁáin go ḃ-fuil ealaḋna nuaḋa ag a g-cumaḋ, agus neiṫe nuaḋa ag a ḃ-fáġail amaċ gaċ lá, aċt fós atá an ḟírinne ag a noċtaḋ i d-taoiḃ neiṫeaḋ ar a raiḃ daoine in ainḃfios ’riaṁ roiṁe so. Do saoileaḋ ’riaṁ gus an aois so go m-buḋ teangṫa coṁġaoil an Eaḃrais agus an Ġaeḋilig, aċt is eol do gaċ fear leiġin anois gur ab gaol i ḃ-fad amaċ atá aca le ċéile. Is fios, mar an g-céadna, do gaċ n-duine eolgaċ gur ab fogus é gaol ár d-teangan-ne do’n Laidion, do’n Ġreigis, do’n Ḃéarla, do ṫeangtaiḃ na Gearmáine, na Fraince, na Spáinne, na h-Iodáile agus na h-India Ṡoir. Is foigse, fós, do’n Ġaeḋilig an Ḃreaṫnais agus teanga na Breatainne bige ’sa’ ḃ-Frainc: agus is ró ḃeag naċ í an ċaint ċéadna a tá againn féin agus ag muintir ṫuaiscirt Albann. An fad do ḃí Eireannaiġe mar so a n-ainḃfios i d-taoiḃ a d-teangan, do sgríoḃadar mórán uirre do ṫug cúis maga fúṫa do luċd léiġin, aċt ó fuaraḋ amaċ go cinnte fios a coṁġaoil do na teangṫaiḃ eile úd do ṁéaduiġ meas na ḃ-fíor-eolgaċ uirre ar móḋ go ḃ-fuil mórán díoḃ anois i d-tíorṫaiḃ coigcríċe ag a fóġluim. Is niḋ iongantaċ dar n-dóiġ ollaṁain na Fraince, na Gearmáine agus na h-Iodáile—na daoine is mó eolus ’san g-cruinne—a ḃeiṫ ag fóġluim na teangan ar a ḃ-fuil meas coṁ beag ag an droing d’ar ab teanga ḋílis í. Ní furus an teanga so na h-Éireann d’ḟóġluim, go h-airiġṫe do’n ṁuintir ná’r ċualaiḋ focal dí ariaṁ ó ḃeul duine. Atá fios gaċ fóġluma le fáġail ag muintir na g-críoċ úd a dúḃraḋ ’na d-teangṫaiḃ féin, cread fá, uime sin, a ḃ-fuil siad ag caiṫeaṁ a n-aimsire le teangain coigcríċe? Is mar ġeall ar an mór-ionṁuis a tá i d-teangain agus i ḃ-fóġluim na h-Éireann atá siad ag glacaḋ an duaiġ so orra féin. Atá meas ċoṁ mór sin ag luċt an ṁór eoluis ar na h-ionmusaiḃ láiṁ-scríoḃṫa a tá againne, go d-tig mórán díoḃ go h-Éirinn ag fóġlunn Gaeḋilge nuair ġeiḃid siad faill air a n-áit dul ar