AṀARCA CLEASAĊA: Uiṁ. 1.
BRIAN BOROIṀE:
Roiṁ a ċaṫ deiġeanaċ.
Is mór an ċúṁaċt tá in mo láiṁ anois,
Is mór an clú air m’ainim ṫríd an tír:
Aċt is mó an brón tá cnaoiḋeaḋ in mo ċroiḋe
’Ná cúṁaċt no glór na n-daoineaḋ. Ċuir
me síos
An slioċt a raiḃ árd-réim air Éirinn aca
O aois go h-aois gur éiriġ mise. Aċt ní h-é
Aṁáin gur sgriosas ins an g-caṫ a sluaġ,—
Tá siad féin am’ leanaṁain! Ins an áit so,
Ós cóṁair árd-ḃaile ṁóir na Loċlonnaċ,
Tá Clanna Néill am’ ḋiaiġ teaċt go toilteaċ:
Air mo láiṁ ḋeis atá Maoilṡeaċlainn[1] féin,
An fear ó’r ṫógas-sa coróin na h-Éireaim.
Tá sé-sean déanaḋ cogṫa air mo ṡon,
Ċó treunṁar agus air a ṡon féin ċeana
An tan ro ḃuaiḋ a ṁór-ċlaoiḋeaṁ óg
Air Riġ na Loċlonnaċ na muince órḋa.
Ní féidir leis na Loċlonnaiġiḃ anois,
Seasaḋ am’ aġaiḋ. Atá mo ḃuaiḋ cinnte,
Beiḋ sí an-ṁór a’s beiḋ ró-ġlórṁar freisin
Óir troidfiḋ an náṁaid go h-eudóṫċasaċ.
Beiḋ árd-ċlú air an g-caṫ so, clú naċ
raiḃ
Ariaṁ air ċaṫ air biṫ i d-tír na h-Éireann—
Agus ’s na h-uile ṡaoġaltaiḃ le teaċt
Is dil a ḃeiḋ a ainim a’s a sgeul:
A’s daoine fós naċ m-beiḋ ár d-teanga aca,
Beiḋid canaḋ agus beannuġaḋ lae Ċluaintarḃ;
Lá breáġ, lá dóṫċais, lá na h-Éireann féin.
Lá mór ’n-a d-tuitiḋ síos an ċúṁaċt buḋ
ṁeasa
De ċréaċdóraiḃ na mara ’gus na d-ṫír.
Aċt ins an uair so féin, lán cúṁaċṫa, clú,
Ní ḃ-fuil síoṫċáin in mo ċroiḋe. Tá eagla
orm
An-ṁór, uaṫḃáfaċ, naċ raiḃ ceart agami
An méad a riġneas air mo ṡon a ḋéanaḋ.
B-ḟéidir gur cionnṫaċ an Láṁ Láidir so
I raḋarc Dé: ’gus air an aḋḃar sin,
B’ḟéidir go d-ṫuiṫfiḋ síos a ḋíoġalṫas
Go ṫrom in uair na buaiḋe air mo ċeann.
Ro ċan
Eoin Séamus Ua Cearḃaill.