Irish Minstrelsy Vol 2/Tarngaireacht Dhoinn Fhirinnigh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irish Minstrelsy, Vol. 2 by Aogán Ó Rathaille
Tarngaireacht Dhoinn Fhirinnigh
[ 46 ]

TARNGAIREACHT DHOINN FHIRINNIGH.

Aogan O’Raghallaigh2 ró chan.


An truagh libh na faélchoin an éithigh ’s an fheill duibh,
Ag ruagairt na cléire a’s d’á léir chur fá dhaoírsi?
Monuar-sa! go tréith-lag mac Shéarluis ba rígh
aguinn,
Ann uaigh curtha a n-aonar ’s a shaér-dhalta air
díbirt!

Is truailligthe, claonmhar ’s is tréason do’n droing oilc,
Cruadh-mhionna bréige fá shéula a’s fá scríbhinn,
’G á m-bualadh re béulaibh ar g-cléire a’s ar saoíthi,
’S ná’r dhual do chlainn Shéamuis c’róinn shaor na d-trí
rioghachta.


[ 48 ]

Stadfaidh an tóirneach le fóirneart na gréine,
A’s scaipfidh an ceodh-so de phór-shleachtaibh Eibhir;
An t-Impire beidh deórach a’s Flóndrus faoí dhaorsmacht,
’S an Brícléir go móbrach ann seómra rígh Sémuis.

Beidh Eire go súgach ’s a dúnta go h-aédh’rach,
A’s Gaédheilg ’g á scrúdadh ’n a múraibh ag éigsibh;—
Béurla na m-búir n-dubh go cúthail faoí néulltaibh,
A’s Séamas ’n a chuirt ghil ag tabhairt cúnganta do
Ghaodhlaibh.

Beidh an bíobla sin Lúiteir ’s a dhúibh-theagasg éithigh,
’S an bhuídhean so tá cionntach nach úmhluígheann do’n
g-cléir chirt,
’G á n-díbirt tar triúchaibh go Neuu-land ó Eirinn;
An Laoíseach ’s a Prionnsa beidh cúirt aca a’s aénach!