Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
48
IRISH MINSTRELSY.

Stadfaidh an tóirneach le fóirneart na gréine,
A’s scaipfidh an ceodh-so de phór-shleachtaibh Eibhir;
An t-Impire beidh deórach a’s Flóndrus faoí dhaorsmacht,
’S an Brícléir go móbrach ann seómra rígh Sémuis.

Beidh Eire go súgach ’s a dúnta go h-aédh’rach,
A’s Gaédheilg ’g á scrúdadh ’n a múraibh ag éigsibh;—
Béurla na m-búir n-dubh go cúthail faoí néulltaibh,
A’s Séamas ’n a chuirt ghil ag tabhairt cúnganta do
Ghaodhlaibh.

Beidh an bíobla sin Lúiteir ’s a dhúibh-theagasg éithigh,
’S an bhuídhean so tá cionntach nach úmhluígheann do’n
g-cléir chirt,
’G á n-díbirt tar triúchaibh go Neuu-land ó Eirinn;
An Laoíseach ’s a Prionnsa beidh cúirt aca a’s aénach!