Irish Minstrelsy Vol 2/Seághan Buidhe

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irish Minstrelsy, Vol. 2
Seághan Buidhe
[ 50 ]

SEAGHAN BUIDHE.


M’fhadthuirse thraochda na feara-choin aosda,
Air lannaibh budh léir a’s air lámhach saíghiott,
Do ghlanfadh as Eirinn mar Dhainfhir na méirlich,
’S ar m-bailte do shaoradh ó árd-chíos:
Dá mairfeadh na Féinne ’s ar n-arm bheith seúnmhar,
Ar ngairm budh tréunmhar ag tracht síos,
’S as mairg do bhéurfadh leas-ainm air Shéurlas
Go m-bainfeadh a réim cheart de Sheághan Buídhe.

Do cáilleadh le tréimhse ar g-cealla lé chéile,
O d’easgair na faol-choin a bh-Fáil-chríoch,—
Do leagadar laochra chum catha budh thréine,—
Ní’l acht creachadh agus céusadh agus crádh croídhe;
Is árd atá an Béurla ’s gan tapaidh ’s an n-gaodhailge,
Is balbh ar n-Eigsi ag gnáth-chaoídh,
Go d-tagadh lá éigin tar fairge Séurlas,
Do bhainfeas a réim-cheart de Sheághan Bhuídhe.


[ 52 ]

Mar theangmhaidh is méala, tar calaich gur bh’éigean
Do’n b-fharaire thréightheach-so sáthadh arís,
Le cealg ’s le claonadh na h-aicme nach déarfad
Thug Banbha déurach mar tá sí:
Aitchim a’s éighmhim air athair an aén-mheic,
Gídh athair gach aen-neich an t-Ard-rígh,
Go g-casadh ar Séurlas ’s an Bhanbha go gléusda,
Do bhainfeas a réim-cheart de Sheághan Bhuídhe.