Irish Minstrelsy Vol 2/Air chéimsíos na n-Gaodhal

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irish Minstrelsy, Vol. 2 by Fear Flatha Ó Gnímh
Air chéimsíos na n-Gaodhal
[ 102 ]

AIR CHEIMSIOS NA N-GAODHAL.

Fearflatha O’Gnímh1 ró chan.


Mo thruaigh! mar táid Gaoidhil!
Annamh íntinn fhorbhfaoílidh,
Air a’n-uair-si ag duine dhiobh;—
A n-uaisle uile air neimhnídh!

Baramhail do bheirthear dóibh;
Fuígheall tar éis a n-díoghbhoigh,
Ag á sníomhadh ó ’croloíghe a g-cneadh;
Nó is líon torraimhe air d-tilleadh:—

Nó is luchd báirce fá’r bhrúcht muir;
Nó is drong fuair fios a saéghail;
Nó is geíll a n-géibheannaibh Gall,
Eireannaich fá fhéainn eachdrann!

[ 104 ]

Tugsad a d-tréine air thaise;—
Tugsad maise air mhí-mhaise;—
Tugsad meanma air mhaoith-mheirtne;—
Laoích fheardha nach aitheantar!

Tá brat-chiaich ós a g-cionn,
Mhúchas glóir gaéidheal Eireann;—
Mar néull g-ceath ghrian-bhaitheas goil,
Do leath d’iarghnáitheas orrtha.

Tárlaigh ó Bhóinn go bruach Léin,
Dlígh is fiú andlígheadh;—
Gur bhreath shaér le Fiannaibh Fáil,
An riaghail chlaén do chongbháil.

Ní bhídh ag mac ríghe o’n riaghail,
Aire air lúth eich óir-shrianaich,
Nó air sheilg oíghe fá chíoch cnoic,
Nó air ghníomh soíghe no seabhaic.

D’fearabh Fódla is fáth orchra,
Do threabhsad dáim danardha,
A n-áit graifne a ngróidheadh seang,
Gach faithche im oirear Eireann.

[ 106 ]

Tréoid Gall a g-cluaintibh a g-ceann,
Túir aélta ann áit a bh-foirgneadh;
Margaídhe uadhtha ann gach oirear;
Cruacha air árdaibh aénaígheadh.

Ní aithnígheann Inis Lógha,
Nídh d’á faithchibh fonn mhóra;
Cnoic dlaoí-réidhe a n-diaigh an áir;
Biaidh saér-Eire ’n a Sacsain!

Ní aithníd aicme Gaéidheal,
Banba, buime a macaomh;
’S ní aithnídheann Eire iad-sin
Téidhid re chéile as a g-cruthaibh.

Is sí an drong dhlígheas d’aithne,
D’Inis Choínn is cómhtháthuighthe;
Ní Gaill is aoídheadha aca,
Gaoídhil ’n a n-droíng n-deórata!

Do léig Eire an tonn tríthi,
D’iomchur fóirne coigcríche,
Arthach Dháthí do tolladh,
Is sí an-chruth d’féadamair!


[ 108 ]

Mar thímcheallas tonn anfaidh
Le stoirm laoí luchd caoíl árthaich;
Saithe Gall ar tí a a tímchill,
Muna d-tíán d’Eireannchaibh.

Bruid Bhalair cona bhráithribh,
Tuatha dé do dhíothláithrigh
Dar leat is neimhthreise, a n-diumh
Ná beithre-si, meic Mhileadh.

Mar luchd na tróidhe air na toghail,
D’á n-díth-chleith a n-díothramhaibh;
Fiann Teamhrach táid ó Thailteann,
A bh-faid sealbha seachaintear!

Cómhsamhail re clainn Isráeil
T-soir ’s an Eigipt air éttréin’,
Mic Mileadh um bhóinn a bhus,
Ag síneadh dhóibh ó a n-dúthchas.

Mar do bhídh Magh Tuireadh a d-tuaidh,
A n-geall Mheic Céain an chéad uair,
Lá a searramhna re téidhm tínn,
Feidhm a n-athlógha air Eirinn.


[ 110 ]

Ag slógh Eireann an fheóir ghlain
Truaigh! gan ionnsamhail h-Eachtóir
Mic Prímh re pobal Sacsain,
Cogadh dhibh go n diongmhadh-san!

Truaigh! do Righ ratha neimhe,
Fá d-teacht dúinn ó’r n-daoírsi-ne
An t-Ath-Mhaoísi ná’r fhéagh ruinn
Tréud an chath-chraoíse Chriomhthainn.

A Thríonóid ’g á ttá an cúmhacht
An m-biadh an dream-sa choídhche air deóruídheacht?
Ní is sia ó chathair-lios Choínn
No an m-biadh an t-ath-aoíbhneas againn?

Nó an d-tiocfaidh asteach a’r tharngair
Do shluaigh danair n-dúr-aingídh
Naémh-fhíréan flan Fáigh O’g-Coínn,
An prímh-Earlamh cáidh Colam!

Má thug an deónúghadh dhi,
Sacra nuadh d’ár bh’ainm Eire;
Bheith re a línn-si a láimh bíodhbha,
Do’n n-ínsi is cáir ceileabhradh!


[ 112 ]

Muna g-cuirid dóigh a n-Dia
Síol Eibhir-Scoit o’n Scíthia
A g-clár fóirne ’g á ttáimh dho
Ní clár d’oíghre d’á diorma.