Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/118

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
106
IRISH MINSTRELSY.

Tréoid Gall a g-cluaintibh a g-ceann,
Túir aélta ann áit a bh-foirgneadh;
Margaídhe uadhtha ann gach oirear;
Cruacha air árdaibh aénaígheadh.

Ní aithnígheann Inis Lógha,
Nídh d’á faithchibh fonn mhóra;
Cnoic dlaoí-réidhe a n-diaigh an áir;
Biaidh saér-Eire ’n a Sacsain!

Ní aithníd aicme Gaéidheal,
Banba, buime a macaomh;
’S ní aithnídheann Eire iad-sin
Téidhid re chéile as a g-cruthaibh.

Is sí an drong dhlígheas d’aithne,
D’Inis Choínn is cómhtháthuighthe;
Ní Gaill is aoídheadha aca,
Gaoídhil ’n a n-droíng n-deórata!

Do léig Eire an tonn tríthi,
D’iomchur fóirne coigcríche,
Arthach Dháthí do tolladh,
Is sí an-chruth d’féadamair!