Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/116

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
104
IRISH MINSTRELSY.

Tugsad a d-tréine air thaise;—
Tugsad maise air mhí-mhaise;—
Tugsad meanma air mhaoith-mheirtne;—
Laoích fheardha nach aitheantar!

Tá brat-chiaich ós a g-cionn,
Mhúchas glóir gaéidheal Eireann;—
Mar néull g-ceath ghrian-bhaitheas goil,
Do leath d’iarghnáitheas orrtha.

Tárlaigh ó Bhóinn go bruach Léin,
Dlígh is fiú andlígheadh;—
Gur bhreath shaér le Fiannaibh Fáil,
An riaghail chlaén do chongbháil.

Ní bhídh ag mac ríghe o’n riaghail,
Aire air lúth eich óir-shrianaich,
Nó air sheilg oíghe fá chíoch cnoic,
Nó air ghníomh soíghe no seabhaic.

D’fearabh Fódla is fáth orchra,
Do threabhsad dáim danardha,
A n-áit graifne a ngróidheadh seang,
Gach faithche im oirear Eireann.