Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
110
IRISH MINSTRELSY.

Ag slógh Eireann an fheóir ghlain
Truaigh! gan ionnsamhail h-Eachtóir
Mic Prímh re pobal Sacsain,
Cogadh dhibh go n diongmhadh-san!

Truaigh! do Righ ratha neimhe,
Fá d-teacht dúinn ó’r n-daoírsi-ne
An t-Ath-Mhaoísi ná’r fhéagh ruinn
Tréud an chath-chraoíse Chriomhthainn.

A Thríonóid ’g á ttá an cúmhacht
An m-biadh an dream-sa choídhche air deóruídheacht?
Ní is sia ó chathair-lios Choínn
No an m-biadh an t-ath-aoíbhneas againn?

Nó an d-tiocfaidh asteach a’r tharngair
Do shluaigh danair n-dúr-aingídh
Naémh-fhíréan flan Fáigh O’g-Coínn,
An prímh-Earlamh cáidh Colam!

Má thug an deónúghadh dhi,
Sacra nuadh d’ár bh’ainm Eire;
Bheith re a línn-si a láimh bíodhbha,
Do’n n-ínsi is cáir ceileabhradh!