Cnuasacht trágha/Sceul an Peri

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnuasacht trágha by Michael Sheehan
Sceul an Peri
[ 14 ]

SCEUL AN PERI.

Taḋg.—Cá ḃfuair tú an plannc, a Ḋonnċaḋ?

Donnċaḋ.—Fuair mé innsin ṫíos i ḃFaill na Croise é.

T.—An ḃfuil aon teugar1 díoḃ ag teaċt isteaċ an aimsir seo?

D.—Fuaraḋ [frioṫ] roinn díoḃ an t-seaċtṁain seo do ċaiṫeamair,2 naċ [aċt] doċuaiḋ an ġaoṫ ó ḋeas air agus do séideaḋ amaċ ċum fairrge arís iad.

T.—Is dóċa gur árṫraċ éigin do báḋaḋ i dtaoḃ ṫeas de Ṁion-Árd nó mar sin a raiḃ na plainnc seo innte.

D.—Ní ḟeadar mé. Ca ḃfios duit naċ árṫraċ éigin ar scuabaḋ ṫar bórd dí iad.3

T.—Dar ndóiġ, atá sé i gcoinne an dliġeaḋ aon aḋmad do ḃeiṫ ar ḃórd anois. Caiṫfiḋ sé go léir ḃeiṫ ṫíos i gcaḃail an árṫraiġ.4

D.—Hot, a ḋuine. Is iomḋa rud ḋeuntar [do-ġníṫear] i gcoinne an dliġeaḋ agus le neart sainnt ċum an airgid téigeann siad insan ċontaḃairt uaireanta,5 d’iarraiḋ an t-ualaċ mór do ṫaḃairt leóṫa.

T.—Ar airiġ tú an ḃfuil aon ṗíosa den Ṗeri dá ṡéideaḋ andeas in aon ċor?

D.—O ṁaiseaḋ, an dré píosa.6 Do ḃí sí ró-ḟada isteaċ is na cuaiseannaiḃ [cuasaiḃ].

[ 15 ]An Scoláire.—Cá ar ḃáḋaḋ an t-árṫraċ so a ḃfuil siḃ ag tráċt uirri?

D.—Innsin ṫeas i mbun Ráṫa na mBiníneaċ [biríneaċ]. Is dóċa gur airiġ tú tráċt uirri nó go ḃfuair tú cunntas is na páipeuraiḃ uirri.

An S.—Cad as í nó cia leis í?

D.—Ó Ḋún Garḃán. Le Captaon Muldoṁnaiġ ba eaḋ í.

An S.—Caṫoin do báḋaḋ í, nó cadé an t-sliġe do rioṫ sí isteaċ innsin?

D.—Í do ċur as a sliġiḋ oiḋċe na marḃ7 agus í do rioṫ in áirde ar na cloċaiḃ, agus oiḋċe ḟiaḋain ba eaḋ í leis.

An S.—Cadé an ċúis ná faca sé caisleán an t-soluis8 nó cad ṫug isteaċ insan ḃfaill é?

D.—’Uise9, a ṁic ó, é10 do ċur amuḋa mar do ṡíl sé gur trállaer gaile é an caisleán. Agus nuair do ḃí sé ró-ḟada isteaċ innsin, do ḃí an ġaoṫ bun ós cionn aige ċum í do ċur amaċ arís as,11 agus ní raiḃ dada le deunaṁ aige nuair do ḃuail sí agus scoilteaḋ as a ċéile í.

An S.—Ar ḃáḋaḋ aoinneaċ de na fearaiḃ nó cionnas ṫángadar saor.

D.—Do báḋaḋ beirt aca agus ṫáinig beirt eile saor, agus ní raiḃ innsin féin aċt míorḃail cionnas nár ṁarḃuiġeaḋ i gcoinne na gcloċ iad.12 Nuair do ḃuail an t-árṫraċ an ċeud uair do ċaiṫ an máta é féin amaċ mar do ṡíl sé go ḃfuiġḃeaḋ sé snáṁ go dtí an ḟaill. Nuair doċonnaic an cócaire é do ḃí gaċ aon liúġ agus gaċ aon screuċaḋ aige agus do ċaiṫ sé é féin amaċ in a ḋiaiḋ gan aon ṗioc dá ċuid eudaig do ḃaint de. Do ḃí an captaon agus an mairneulaċ d’iarraiḋ é do ċoṁad ċum baoi sáḃála do ċur air.13 Aċt do ċaiṫ sé é féin amaċ dá n-aiṁḋeóin. Ní raiḃ aon snáṁ innsin ag an ċaptaon14 ná ag an mairneulaċ agus do ċaiṫeadar fuireac ar an árṫraċ nó gur ḃuaiḋ orra.15 Is é an captaon an tríoṁaḋ [ 16 ]fear d’imṫig di,16 agus d’ḟan an mairneulaċ uirri go raiḃ sí ag tuitim as a ċéile. Do ċaiṫ sé ḋe a raiḃ uimig [uime],17 agus do ċuir sé air an baoi, agus ṫug sé fá an ṗoll .i. an ḟairrge18 agus is é an ċeud ḟear do ḃí istig é agus ar a ṫeaċt isteaċ dó, ṫug sé fá ndeara an máta agus an garsún agus aduḃairt sé leó misneaċ do ḃeiṫ aca naċ [aċt] níor laḃair aoinneaċ aca leis. Nuair ṫáinig sé isteaċ innsin, do ḃí sé ag liuġraiġ agus ag glaoḋaċ orra, agus is é an captaon an ċeud ḟear ṫáinig ċuige agus do ḃíodar araon innsin ag coinne ó am go ham19 go mbeaḋ an máta isteaċ ċuċa mar an-ṡnáiṁteóir ba eaḋ é. Nuair ná raiḃ aon rud le deunaṁ innsin aca ṫugadar fá an ḃfaill ċum dul in áirde innte. Do ḃí an mairneulaċ ar tosaċ agus an captaon ar deireaḋ. Do ḃí an ḟaill ag imṫeaċt ó ċosaiḃ an ṁairneulaiġ20 agus dóbair go marḃóċaḋ [muirḃfeaḋ] na cloċa do ḃí ag tuitim síos an captaon. Do ċaiṫ [b’éigean do] an captaon taḃairt suas nuair fuair sé greim ar ċloċ in lár na faille agus d’ḟan sé innsin go maidin gur ġeal an lá air.21 Nuair fuair an mairneulaċ é féin in áirde, ḃí sé ċoṁ corṫa, ċoṁ marḃ sin is ná fuiġḃeaḋ [feudfaḋ] sé dul a ṫuilleaḋ agus do ċaiṫ sé é féin i bpreap [tor] sceaċ agus raiṫniġe22 agus d’fan sé ann ar feaḋ dá uair an ċluig fá an ḃfuaċt agus fá an aimsir gan aon eudaċ air aċt aṁáin a léine. D’éiriġ sé innsin agus doċuaiḋ sé suas ṫar an gclaiḋe agus do ḃí sé ag feuċaint ṫimċeall air nó gur airiġ sé madraí ag sceaṁġail agus doriġne sé ar na madraíḃ23 agus nuair doċonnaic na madraí é, eaċtra ba eaḋ éisteaċt leó le sceaṁġail24 agus d’airiġ fear an tiġe iad. D’éirig sé agus do ċuir sé a ċeann amaċ as an ḃfuinneóig25 agus d’fiarḟaiġ sé an raiḃ aoinneaċ innsin. Aduḃairt an mairneulaċ go raiḃ agus d’ḟiarḟaiġ sé cia hé. Aduḃairt sé sin gur mairneulaċ, go raḃaḋ25a [raḃṫas] tar éis an t-árṫraċ do ḃáḋaḋ innso ṫíos orra. Aduḃairt fear [ 17 ]an tiġe leis teaċt aníos go mbeaḋ sé in a ṡuiḋe ar an nóimeint26 agus d’éiriġ leis,27 agus do ċuir sé a ċuid fear in a suiḋe agus do leiġ sé isteaċ an mairneulaċ agus fuair sé eudaiġe dó agus deoċna [deoċa] teó,28 go dtí ṫáinig sé ċuige féin.29

Innsin, d’imṫiġ muintear an tiġe agus an mairneulaċ agus ṫugadar teuda agus soilse leó síos fá ḋéin an ċaptaon, aċt nuair doċuadar síos, ní raiḃ aon ṗioc den ċaptaon le faġḃáil aca agus b’éigean dóiḃ casaḋ arís aníos go dtí an teaċ. Doċuaiḋ fear aca síos innsin le breacaḋ an lae30 agus sin é an uair fuair sé an captaon ṫíos agus a uċt leagṫa ar an árṫraċ aige agus d’iarr sé air teaċt suas go dtí an tiġ leis31 go raiḃ an mairneulaċ ṫuas. Aduḃairt sé sin leis ná raġaḋ, mar go raiḃ gaċ aoinneaċ i gcoinne a leiṫéidí féin do scaoileaḋ isteaċ beó nó marḃ.32 “Naċ [aċt],” arsa sé, “cadé an áit den dúṫaiġ i ḃfuil mé?” “Atá tú,” arsa fear Ṡúilioḃáin, “leaṫ sliġe idir ceann Heilḃic agus ceann Ṁion-Árd.” “An é seo cuan Baile uí Ċurraoin?” arsa an captaon. “Is é,” arsa an fear eile. “Má is é,” arsa an captaon, is é an rud baḋ ċeart do ḋeunaṁ le caisleán Mion-Ard ná é do ċur in áirde is na speurṫaiḃ.33 Ṫáinig sé aníos innsin in aonḟeaċt leis an ḃfear go dtí an tiġ, agus fuair sé casóg agus bróga ċum iad do ċur air agus fuair sé a ḋóṫain le n-iṫe agus le n-ól. Doċuaiḋ sé síos innsin arís go dtí an t-árṫraċ agus do ċuir sé fear soir go dtí tiġ na ḃuitéirí ag cur sceula34 go dtí Captaon Muldoṁnaiġ go raiḃ an t-árṫraċ báiḋte agus ná fuiġḃeaḋ sé féin corruiġe ón árṫraċ go dtí dtiocfaḋ maiġistir an árṫraiġ.

An S.—Cadé an saġas ualaċ35 do ḃí innte nó cad as do ṡeól sí?36

D.—Ualaċ guail do ḃí innte agus ar maidin an lae roiṁ sin d’ḟág sí Sean-Ṡasana ċum dul go Baile uí Ċoitín [Baile Coitín]. Do ḃí an lá an-ḟiaḋain agus [ 18 ]an oiḋċe dorċa agus d’ḟan sí ar aon tac aṁáin37 go dtí ar ḃuail sí an ḟaill mar do ḃí an t-árṫraċ an-ḃríoġṁar agus do ṡíl sé ná raiḃ leaṫ na sliġeaḋ rioṫta aige38 ón uair d’ḟág sé Sean-Ṡasana agus sin é is mó do ċuir i muḋa é.39 Mar sin40 nuair d’ḟógair an cócaire ḋó go ḃfaca sé talaṁ, do ċaiṫ sé amaċ an ṁeáċtain [meáḋaċan].41 Do réir an ṁéid uisce do ḃí ann aduḃairt sé go raiḃ sé cúig ṁíle deug ó ṫalaṁ agus fá ċeann deiċ noimeintí do ḃí an t-árṫraċ buailṫe.

An S.—Cad ba ċrí[oċ] don árṫraċ nuair ṫáinig an fear ar leis í fá n-a déin?

D.—Is é a críoċ ná go raiḃ sí innsúd aige in a sean-ċliaḃán tuitṫe as a ċéile,42 píosa ḋí innso agus píosa ḋí innsúd. Do ḃí gaċ aoinneaċ dá stracaḋ as a ċéile agus aduḃairt sé leó í do ṫarraingt leó. Níor ċuir sé aon stopaḋ orra go ceann cúpla lá. Sin é an uair ṫáinig na ḃuitéirí agus do ċuireadar in áirde páipeur go mbeaḋ caint uirri a leiṫéid sin de lá. Do stopadar gaċ aoinneaċ innsin agus ní leigfidís dóiḃ dada do ṫaḃairt leó aċt an gual agus níor leigeadar é sin féin leó ṫar ḃarr na faille. 43 Do ċaiṫeadar [b’éigean dóiḃ] é d’ḟágaint [d’fágḃáil] innsin go dtí lá na cainte. Nuair ṫáinig lá na cainte do ḃí na mná ar fad agus gaċ aoinneaċ aca in a suiḋe ar a gcarnaiḃ44 féin ag fuireaċ go gcainteóċṫaiḋe é. Is í an t-árṫraċ agus an méid do ḃain léi do ḃí ar an dtráiġ do cuireaḋ ċum díola an ċeud uair.45 Níor ṫóg aoinneaċ an t-árṫraċ aċt do ṫóg siuinéir ó Ċrosaire Caḋla a trí nó a ceaṫair de ṗíosaíḃ de na crannaiḃ agus de na slataiḃ agus do ṫóg fear eile na teuda agus na seólta. D’imṫiġeadar leó suas innsin agus do ḃí na mná ṫuas ag fuireaċ leó ċum a gcuid féin den ngual do ṫógḃáil. Aċt nuair ṫáinig na ḃuitéirí agus an fear do ḃí dá ċainteáil aduḃairt sé leo ciall do ḃeiṫ aca46 agus é ḋo ṫarraingt leó a ḃaile, ná raiḃ aon ḃaint aca féin leis ċum aon ċaint do ċur air. [ 19 ]An S.—An ḃfuaraḋ [ḃfrioṫ] na fir do báḋaḋ?

D.—Ó, fuaraḋ. Ar maidin Dé Doṁnaiġ fuaraḋ ceann aca an-ġairiḋ don árṫraċ agus ceann eile tamall maiṫ ó ḋeas uaiḋ. Is é an máta an ċeud ḟear fuaraḋ agus do ḃí sé an-ḋeacair é do ṫaḃairt as an áit in a ḃfuaraḋ é go dtí an cosán, mar an ċeud ḃeirt fuair é, d’ḟágadar mar a raiḃ sé47 agus níor ṫógadar as a ḃfairrge féin é go dtí ṫáinig triúr eile agus ṫugadar leó é siar go dtí an Stáicín. Do ḃí sé an-ḋeacair48 é do ċur in áirde is na strapaiḃ atá ar an bpaiste sin agus is aṁlaiḋ b’éigean do fear aca é do ṫógḃáil ar a ḃaclain agus é do ṡáiḋ in áirde go dtí an ḃeirt eile, agus d’ḟágadar innsin é agus píosa seóil caiṫte anuas air nó go dtí tar éis an aifrinn go dtí fuaraḋ an dara fear agus do tógaḋ in áirde iad araon go dtí barr na faille insan áit a ḃfuair capall teaċt fá n-a ndéin49 agus iad do ṫaḃairt suas go dtí an teaċ ba ġiorra ḋóiḃ, insan áit a raiḃ cóṁra ċum ceann aca do ṫaḃairt do ḃaile. Ní raiḃ aon ċóṁra don dara duine mar ní raiḃ aon ċunntas tar éis dul go dtí Dun Garḃán go ḃfuaraḋ é, aguṡ is aṁlaiḋ do cuireaḋ50 iad araon in aon ċoṁrainn aṁáin.

T.—A ṁic ó, is míorḃail ceart gur ċuaid [go ndeaċaiḋ] aoinneaċ in áirde insan ḃfaill an áit a ndeaċaiḋ an mairneulaċ úd. Aċt aṁáin51 do raġaḋ duine in aon áit nuair do ḃeaḋ scannraḋ air.

D.—Ní ḟeadar mé fá an doṁan52 cionnas doċuaiḋ sé in áirde ann insan áit ar ḋóiġ leat ná fuiġḃeaḋ cat dul ann. Agus cadé an díoġḃáil aċt dorċaċt na hoiḋċe agus a ṡliġe do ḋeunaṁ díreaċ i gcoinne na faille.

T. [ar a imṫeaċt do]—I mbasa, a Ḋonnċaḋ, má is le hárṫraċ báiḋte ḃaineann [ḃaineas] an plannc breáġḋa sin baḋ ċóir go mbeiṫeá ag guiḋeaċaint do na mairneulaċaiḃ boċta.

D.—Ḋe ṁaiseaḋ, adeirim-se guiḋeaċaint leat.53


Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.