Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

15

An Scoláire.—Cá ar ḃáḋaḋ an t-árṫraċ so a ḃfuil siḃ ag tráċt uirri?

D.—Innsin ṫeas i mbun Ráṫa na mBiníneaċ [biríneaċ]. Is dóċa gur airiġ tú tráċt uirri nó go ḃfuair tú cunntas is na páipeuraiḃ uirri.

An S.—Cad as í nó cia leis í?

D.—Ó Ḋún Garḃán. Le Captaon Muldoṁnaiġ ba eaḋ í.

An S.—Caṫoin do báḋaḋ í, nó cadé an t-sliġe do rioṫ sí isteaċ innsin?

D.—Í do ċur as a sliġiḋ oiḋċe na marḃ7 agus í do rioṫ in áirde ar na cloċaiḃ, agus oiḋċe ḟiaḋain ba eaḋ í leis.

An S.—Cadé an ċúis ná faca sé caisleán an t-soluis8 nó cad ṫug isteaċ insan ḃfaill é?

D.—’Uise9, a ṁic ó, é10 do ċur amuḋa mar do ṡíl sé gur trállaer gaile é an caisleán. Agus nuair do ḃí sé ró-ḟada isteaċ innsin, do ḃí an ġaoṫ bun ós cionn aige ċum í do ċur amaċ arís as,11 agus ní raiḃ dada le deunaṁ aige nuair do ḃuail sí agus scoilteaḋ as a ċéile í.

An S.—Ar ḃáḋaḋ aoinneaċ de na fearaiḃ nó cionnas ṫángadar saor.

D.—Do báḋaḋ beirt aca agus ṫáinig beirt eile saor, agus ní raiḃ innsin féin aċt míorḃail cionnas nár ṁarḃuiġeaḋ i gcoinne na gcloċ iad.12 Nuair do ḃuail an t-árṫraċ an ċeud uair do ċaiṫ an máta é féin amaċ mar do ṡíl sé go ḃfuiġḃeaḋ sé snáṁ go dtí an ḟaill. Nuair doċonnaic an cócaire é do ḃí gaċ aon liúġ agus gaċ aon screuċaḋ aige agus do ċaiṫ sé é féin amaċ in a ḋiaiḋ gan aon ṗioc dá ċuid eudaig do ḃaint de. Do ḃí an captaon agus an mairneulaċ d’iarraiḋ é do ċoṁad ċum baoi sáḃála do ċur air.13 Aċt do ċaiṫ sé é féin amaċ dá n-aiṁḋeóin. Ní raiḃ aon snáṁ innsin ag an ċaptaon14 ná ag an mairneulaċ agus do ċaiṫeadar fuireac ar an árṫraċ nó gur ḃuaiḋ orra.15 Is é an captaon an tríoṁaḋ