Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

16

fear d’imṫig di,16 agus d’ḟan an mairneulaċ uirri go raiḃ sí ag tuitim as a ċéile. Do ċaiṫ sé ḋe a raiḃ uimig [uime],17 agus do ċuir sé air an baoi, agus ṫug sé fá an ṗoll .i. an ḟairrge18 agus is é an ċeud ḟear do ḃí istig é agus ar a ṫeaċt isteaċ dó, ṫug sé fá ndeara an máta agus an garsún agus aduḃairt sé leó misneaċ do ḃeiṫ aca naċ [aċt] níor laḃair aoinneaċ aca leis. Nuair ṫáinig sé isteaċ innsin, do ḃí sé ag liuġraiġ agus ag glaoḋaċ orra, agus is é an captaon an ċeud ḟear ṫáinig ċuige agus do ḃíodar araon innsin ag coinne ó am go ham19 go mbeaḋ an máta isteaċ ċuċa mar an-ṡnáiṁteóir ba eaḋ é. Nuair ná raiḃ aon rud le deunaṁ innsin aca ṫugadar fá an ḃfaill ċum dul in áirde innte. Do ḃí an mairneulaċ ar tosaċ agus an captaon ar deireaḋ. Do ḃí an ḟaill ag imṫeaċt ó ċosaiḃ an ṁairneulaiġ20 agus dóbair go marḃóċaḋ [muirḃfeaḋ] na cloċa do ḃí ag tuitim síos an captaon. Do ċaiṫ [b’éigean do] an captaon taḃairt suas nuair fuair sé greim ar ċloċ in lár na faille agus d’ḟan sé innsin go maidin gur ġeal an lá air.21 Nuair fuair an mairneulaċ é féin in áirde, ḃí sé ċoṁ corṫa, ċoṁ marḃ sin is ná fuiġḃeaḋ [feudfaḋ] sé dul a ṫuilleaḋ agus do ċaiṫ sé é féin i bpreap [tor] sceaċ agus raiṫniġe22 agus d’fan sé ann ar feaḋ dá uair an ċluig fá an ḃfuaċt agus fá an aimsir gan aon eudaċ air aċt aṁáin a léine. D’éiriġ sé innsin agus doċuaiḋ sé suas ṫar an gclaiḋe agus do ḃí sé ag feuċaint ṫimċeall air nó gur airiġ sé madraí ag sceaṁġail agus doriġne sé ar na madraíḃ23 agus nuair doċonnaic na madraí é, eaċtra ba eaḋ éisteaċt leó le sceaṁġail24 agus d’airiġ fear an tiġe iad. D’éirig sé agus do ċuir sé a ċeann amaċ as an ḃfuinneóig25 agus d’fiarḟaiġ sé an raiḃ aoinneaċ innsin. Aduḃairt an mairneulaċ go raiḃ agus d’ḟiarḟaiġ sé cia hé. Aduḃairt sé sin gur mairneulaċ, go raḃaḋ25a [raḃṫas] tar éis an t-árṫraċ do ḃáḋaḋ innso ṫíos orra. Aduḃairt fear