Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

14

diuirí Briain agus do ċuir sé i dtuicsint dóiḃ, go raiḃ sé féin toilṫeanaċ ar é d’innsint dóiḃ, aċt go raiḃ eagla air, má16 inneósaḋ, go marḃóċaḋ an ḃeirt ṁac é, “agus leis sin de [dá ḃríġ sin] marḃuiġiḋ iad sin ar dtúis. Is milis é an t-anam,” arsa sé, “agus is fearr liom-sa mo anam agam féin ioná aca sin.” Do ṁarḃuiġeaḋ [marḃaḋ] iad innsin, agus nuair do ḃíodar marḃ “beiḋ Éire gan leann anois,” arsa sé, “marḃuiġiḋ mé féineaċ anois,” agus do ṁarḃuiġeadar, agus do ḃí Brian ċoṁ dall agus do ḃí sé riaṁ ar cionnas an ḃeóir do ḋeunaṁ.17


SCEUL AN PERI.

Taḋg.—Cá ḃfuair tú an plannc, a Ḋonnċaḋ?

Donnċaḋ.—Fuair mé innsin ṫíos i ḃFaill na Croise é.

T.—An ḃfuil aon teugar1 díoḃ ag teaċt isteaċ an aimsir seo?

D.—Fuaraḋ [frioṫ] roinn díoḃ an t-seaċtṁain seo do ċaiṫeamair,2 naċ [aċt] doċuaiḋ an ġaoṫ ó ḋeas air agus do séideaḋ amaċ ċum fairrge arís iad.

T.—Is dóċa gur árṫraċ éigin do báḋaḋ i dtaoḃ ṫeas de Ṁion-Árd nó mar sin a raiḃ na plainnc seo innte.

D.—Ní ḟeadar mé. Ca ḃfios duit naċ árṫraċ éigin ar scuabaḋ ṫar bórd dí iad.3

T.—Dar ndóiġ, atá sé i gcoinne an dliġeaḋ aon aḋmad do ḃeiṫ ar ḃórd anois. Caiṫfiḋ sé go léir ḃeiṫ ṫíos i gcaḃail an árṫraiġ.4

D.—Hot, a ḋuine. Is iomḋa rud ḋeuntar [do-ġníṫear] i gcoinne an dliġeaḋ agus le neart sainnt ċum an airgid téigeann siad insan ċontaḃairt uaireanta,5 d’iarraiḋ an t-ualaċ mór do ṫaḃairt leóṫa.

T.—Ar airiġ tú an ḃfuil aon ṗíosa den Ṗeri dá ṡéideaḋ andeas in aon ċor?

D.—O ṁaiseaḋ, an dré píosa.6 Do ḃí sí ró-ḟada isteaċ is na cuaiseannaiḃ [cuasaiḃ].