Cnó coilleadh craobhaighe/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
IV
[ 5 ]

IV.

Fear ó’n Rinn.—An tú Seán?

Seán Scoláire.—Is mé. Cionnus atá tú ó ṡoin?

F. ó’n R.—Ó ṁaiseaḋ, sa sean-ráiḋtiḃ i gcoṁnuiḋe, [ 6 ]gan bail ná baoġal orm. Cad do ṁairḃeóċaḋ [ṁuirḃfeaḋ] sean-rud?

S.—Ḃfuil an broṫall ag cur ort?

F. ó’n R.—Níl ṁaiseaḋ. Ní misde linn an broṫall an t-am so [do] ḃliaḋain.

S.—Agus an maiṫ an rud an broṫall anois?

F. ó’n R.—Dar ndóiġ, a ḋuine ṁuinntearḋa, sé an broṫall atá ċum seasaṁ anois dúinn. Sé an broṫall atá ó na prátaiḃ agus ó na barraíḃ go léir ċum iad d’aibiuġaḋ.

S.—Is dóċa go ḃfuil an ceart agat. Atá coinne agam go ndéanfaiḋ sé bliaḋain ṁaiṫ raṫaṁail díḃ.

F. ó’n R.—Déanfaiḋ, le congnaṁ Dé, agus má leanann an broṫall so agus go ḃfanfaiḋ an tóirneaċ agus an ceo uainn ní baoġal go nduḃfaiḋ na prátaí orainn.

S.—Agus an ndéanfaḋ an duḃ mórán dioġḃála ḋóiḃ?

F. ó’n R.—Ara ḋéanfaḋ. Dá leaṫanóċaḋ an duḃ ar na prátaíḃ ní ḃeaḋ ceann againn, a ḋuine.

S.—Agus an ḃfuil aon rud agaiḃ a ċoingḃeóċaḋ uaṫa é?

F. ó’n R.—Atá sórt éigin stuif ṫáinig amaċ le deiḋeanaiġe. Cloċ ġorm ṫugainn siad air. Do-ġeiḃeann siad sna siopaiḃ é; annsin cuireann siad i ndeaḃaċ é agus cuireann siad uisge air, agus annsin é do ċoiṁéad measgaiġṫe go gcuirtear sa maċine é. Cuireann an fear ar a ḋrom annsin é díreaċ mar ḃeaḋ mála an ṗuist agus strapaí leaṫraċa aniar treasna air. Ġeoḃaiḋ sé annsin i gclais na bprátaí agus béarfaiḋ sé ar ṗíopán air agus beiḋ sé dá leaṫaḋ leis roiṁe ar na crannaiḃ díreaċ mar do ḃeaḋ fear sa mbaile mór ag leaṫaḋ uisge ar an luaiṫreán ċum é do ḃascaḋ.

S.—Caidé an ṁaiṫ a ḋéanann sin dóiḃ?

F. ó’n R.—Coiṁéadfaiḋ sé gan iad go ḋuḃaċaint [ḋuḃaḋ]. Adeireaḋ an tsean-ḋream fadó gruḃ é [ 7 ]toil Dé é; aċt anois adeir siad gur galar atá ós a gcionn dálṫa gaċ aon rud eile, an duine agus an beaṫaiḋeaċ agus na barraí. Níl aon ġalar ná fuil a leiġeas féin dó.

S.—Agus an mbíonn aon ċeann duḃ orra tar éis an stuif seo do ċur amaċ orra?

F. ó’n R.—Well, an méid ċuir amaċ anuraiḋ é, do ċuaiḋ sé go han-ṁaiṫ ḋóiḃ. Ní adeirim ná raiḃ fo-ċeann duḃ aca. Naċ mór an níḋ an ċuid is mó díoḃ do ṫeaċt slán tar éis a ḃfuil dá nduaḋ faġṫa againn?

S.—Is dóċa go ḃfuil obair an doṁain ag baint leo mar ṗrátaí.

F. ó’n R.—Ó ṁaiseaḋ, is aṁlaiḋ atá an sgéal, atá an ḃliaḋain caiṫte agat leo, agus b’ḟéidir go minic saoṫar na bliaḋna i do ċoinne.

S.—Is aindeis an sgéal é sin, agus is dóċa naċ é sin an ċuid is measa ḋé.

F. ó’n R.—Ní hé, ṁaiseaḋ. An ḃfeiceann tú an ṗáirc eorna[n] sin agus í ar fad sínte ag gaoiṫ agus ag fearṫainn.

S.—Ní ḟeadar an éirġeóċaiḋ sí arís?

F. ó’n R.—Atá a cuid éirġe déanta aici.

S.—Agus ná fuil aon ṁaiṫ anois innte?

F. ó’n R.—Ó, déanaḃam [de aon am—De H.] ḃíos. Dá dtiocfaḋ puiṫín gaoiṫe do ċuirfeaḋ ’n-a seasaṁ í, ḃí sí ó ḃaoġal. Níl baoġal uirre ó’n uair aṁáin atá sí eascarṫa. Dá dtiocfaḋ an teas agus an broṫall aibeóċaḋ sé í.

S.—Cairdé an rud é eascarṫa. Ní ṫuigim an focal sin.

F. ó’n R.—Sé rud é sin naċ [aċt] an gráinne do ḃeiṫ le feicsint ann. Féaċ ar an neanntóig sin. Atá sin eascarṫa. Aon arḃar atá tar éis teaċt amaċ as an dúbail [inteaċ] atá sé eascarṫa.

S.—Ó, tuigim anois. Is fearr ḋam ḃeiṫ ag cur ċum bóṫair. Atá an scoil ar siuḃal anois. Do-ċím [ 8 ]na scoláirí eile ag triall uirre. Lá breáġ anois agat.

F. ó’n R.—Go n-éirġiḋ an t-áḋ leat. Is dóċa na beiḋ tú i ḃfad go ngeoḃaiḋ tú an tsliġe arís.

S.—Ó, ní ḃeiḋ, le conġaṁ Dé.