Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

6

gan bail ná baoġal orm. Cad do ṁairḃeóċaḋ [ṁuirḃfeaḋ] sean-rud?

S.—Ḃfuil an broṫall ag cur ort?

F. ó’n R.—Níl ṁaiseaḋ. Ní misde linn an broṫall an t-am so [do] ḃliaḋain.

S.—Agus an maiṫ an rud an broṫall anois?

F. ó’n R.—Dar ndóiġ, a ḋuine ṁuinntearḋa, sé an broṫall atá ċum seasaṁ anois dúinn. Sé an broṫall atá ó na prátaiḃ agus ó na barraíḃ go léir ċum iad d’aibiuġaḋ.

S.—Is dóċa go ḃfuil an ceart agat. Atá coinne agam go ndéanfaiḋ sé bliaḋain ṁaiṫ raṫaṁail díḃ.

F. ó’n R.—Déanfaiḋ, le congnaṁ Dé, agus má leanann an broṫall so agus go ḃfanfaiḋ an tóirneaċ agus an ceo uainn ní baoġal go nduḃfaiḋ na prátaí orainn.

S.—Agus an ndéanfaḋ an duḃ mórán dioġḃála ḋóiḃ?

F. ó’n R.—Ara ḋéanfaḋ. Dá leaṫanóċaḋ an duḃ ar na prátaíḃ ní ḃeaḋ ceann againn, a ḋuine.

S.—Agus an ḃfuil aon rud agaiḃ a ċoingḃeóċaḋ uaṫa é?

F. ó’n R.—Atá sórt éigin stuif ṫáinig amaċ le deiḋeanaiġe. Cloċ ġorm ṫugainn siad air. Do-ġeiḃeann siad sna siopaiḃ é; annsin cuireann siad i ndeaḃaċ é agus cuireann siad uisge air, agus annsin é do ċoiṁéad measgaiġṫe go gcuirtear sa maċine é. Cuireann an fear ar a ḋrom annsin é díreaċ mar ḃeaḋ mála an ṗuist agus strapaí leaṫraċa aniar treasna air. Ġeoḃaiḋ sé annsin i gclais na bprátaí agus béarfaiḋ sé ar ṗíopán air agus beiḋ sé dá leaṫaḋ leis roiṁe ar na crannaiḃ díreaċ mar do ḃeaḋ fear sa mbaile mór ag leaṫaḋ uisge ar an luaiṫreán ċum é do ḃascaḋ.

S.—Caidé an ṁaiṫ a ḋéanann sin dóiḃ?

F. ó’n R.—Coiṁéadfaiḋ sé gan iad go ḋuḃaċaint [ḋuḃaḋ]. Adeireaḋ an tsean-ḋream fadó gruḃ é