Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

8

na scoláirí eile ag triall uirre. Lá breáġ anois agat.

F. ó’n R.—Go n-éirġiḋ an t-áḋ leat. Is dóċa na beiḋ tú i ḃfad go ngeoḃaiḋ tú an tsliġe arís.

S.—Ó, ní ḃeiḋ, le conġaṁ Dé.


V.

An Scoláire.—Anois ṫáinig tú isteaċ ó’n ḃfairrge?

An t-Iasgaire.—Seaḋ, a ḋuine ṁuinntearḋa.

S.—Agus cad ba ċor díḃ aréir, nó a’ ḃfuair siḃ aon téagar éisg?

I.—Fuaramar roinn aréir, aċt i gcúrsaíḃ rioṫ na seaċtṁaine seo ċaiṫeamar níor ḃfiú liom a ráḋ go ḃfuaramar dada.

S.—Ná faca mé cnádáin agus deargáin agus leiṫeóga agus sgadáin agus macraelí leis, agus atá tú ag cásaṁ ar an luiġeaḋ ṁarḃ tú.

I.—Dá ṁéid ḟéaċann sin do do ṡúiliḃ, nuair atá a sgair féin ag gaċ aon ḟear, atá sé beag go leor ar ball. Agus nuair atá a ḋínnéar ag gaċ aon ḟear as a sgair féin, is ar éigean atá ḋá ṗinginn spárṫa aige.

S.—Agus an mar sin an cor díḃ i gcoṁnaiḋe?

I.—Ó, ní heaḋ. Is minic do ḋíolfaḋ aon oiḋċe aṁáin costas na seaċtṁaine go léir.

S.—Agus ḃfuil go leor costaisí ag baint liḃ? Baḋ ḋóig le duine go seasóċaḋ ná báid sin go deo, ná fuil oraiḃ aċt costas an ċéad lae.

I.—Ḋeireaḋ díṫ-céille, a ḋuine. Atá ball gaċ aon lá ó iasgaire. Rud d’oirfeaḋ do’n sgadán, ní oirfeaḋ sé do’n macrael, agus rud d’oirfeaḋ do’n macrael, ní oirfeaḋ sé do’n colmóir, agus mar sin. Caiṫfiḋ tú gaċ aon rud do ḟrioṫáileaṁ leis an rud oireann dó féin.

S.—Agus ná déanfaḋ aon ḃall aṁáin an colmóir agus an sgadán agus an macrael do ṁarḃaḋ díḃ?