Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

9

I.—Ó, ṁaise, ní ḋéanfaḋ. Atá líon ann a dtug, tar trammels orra, agus sin é ṁarḃann an colmóir. Bíonn lúba [mogail] móra ionnta. Lúba beaga ḃíonn i gceann an sgadáin.

S.—Ó, anois atá mé dá ṫaḃairt fá ndeara. D’imṫeóċaḋ an sgadán tré lúb na trammels, agus do ḃeaḋ lúb líonta na sgadán ró-ḃeag ċum an colmóir do ḋul in aċrann ann. Agus an gcosnuiġeann na líonta so go leor airgid?

I.—Do ċosnóċaḋ aon líom aṁáin suas le ceiṫre fiċid púnt. Ḃí iasgaire boċt annso agus do ċaill sé a ċuid líonta agus ní ḟuaraḋ a dtásg ná a dtuairisg ó ṡoin. Do ċaiṫeaḋ míol-mór isteaċ áit éigin de Ċonntae an Ċláir atá a dó nó a trí de ḃliaḋntaiḃ ó ṡoin. Ḃí sé os cionn fiċe troiġ ar faid. Ḃí sé marḃ. Do ḃí sé in aċrann i líon mór sgadán. Ainm iasgaire Sasanaiġ ḃí ar an líon, fear ó ḃaile éigin ar an dtaoḃ ṫoir de Ṡean-Ṡasana.

S.—Ba iongantaċ an stracaḋ rinne sé, dá ionfairt agus dá iomlata féin agus ag briseaḋ na fairrge ar gaċ taoḃ dé. Ag teannaḋ na snaḋma [snaiḋme] ḃí sé in áit í do sgaoileaḋ.

I.—Seaḋ, agus féaċ caidé an ċreaċ a leiṫéid sin do ḃualaḋ fá ḟear boċt agus a ċuid líonta. Ṡin é cuid na bliaḋan ar fad imiġṫe uaiḋ, agus b’ḟéidir fiaċa in a ḟoċair dá ndeasga. Mar sin ḃíonn iasgairí a mbíonn an t-áḋ leo agus iasgairí eile a mbíonn an mí-áḋ orra. Dá mbeaḋ an ḟairrge lán d’iasg, do ḃeaḋ cuid aca ar ḃeagán díoḃ. Iasgairí eile agus dá mbaḋ is gan ann aċt breac, do ṫuitfeaḋ sé ċuca. Aċt an té a mbeiḋ an t-áḋ ar maidin leis, beiḋ sé um ṫráṫnóna leis.

S.—Ṁaise, n’ḟeadar mé. Le daoiniḃ féin riṫeann seisean.

I.—Dá dtiocfá im ḟoċair ar feaḋ seaċtṁaine, sin é an uair do ḃeaḋ a ḟios agat cia aca an ceart nó an t-ain-ċeart atá agam.