Cnó coilleadh craobhaighe/3

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
III
[ 4 ]

III.

An Scoláire.—Caidé sgéal atá agat ó ṡoin?

Fear ó’n Rinn.—Ó naċ tú sin?

S.—Is mé. Ḃfuil aon sgéal eile agat dam nó ar ṫuit mórán de’n duḃ ar do ċuid prátaí ó ṡoin?

F. ó’n R.—Ní ḋéarfainn gur ṫuit ṁaiseaḋ, naċ atá go leor ag gearán air.

S.—Ḃí mé ag caint le fear indé agus aduḃairt sé liom go raiḃ leaṫ a ċuid prátaí dóiġte aige.

F. ó’n R.—B’ḟéidir gur fear é sin nár ċuir amaċ an ċloċ ġorm so.

S.—Ní ḟeadar mé é sin duit, nó an fé [féidir] gur ḋein an tóirneaċ so aon díoġḃáil dóiḃ ḃí againn an lá fá ḋeireaḋ.

F. ó’n R.—I mbasa maiseaḋ, bíoḋ a ḟios agat nár ḋein sí aon ṁaiṫ ḋóiḃ aċt tóirneaċ b’eaḋ í ḃí i ḃfad ó ḃaile. Caidé an éifeaċt í seaċ is an tóirneaċ ḃí againn atá cúpla bliaḋain ó ṡoin nuair do marḃaḋ ba annso ṫuas le n-ár n-ais istig sa tiġ ar linn a’s an ḃean ḃeiṫ ag dul dá gcrúḋaḋ [mbleaġaḋ]. Do ḃlaḋm an tóirneaċ agus do ṫuit an ḃean i laige d’éirig a croiḋe uirre agus b’é cúrsaí a báis é.

S.—Atá mo sgéal-sa i dtánaiste do do sgéal-sa.

F. ó’n R.—Agus ḃfuil sgéal agat-sa ag tagairt dó sin?

S.—Atá sé annso i mo ṗóca agam. Féaċ air, éist go léiġfiḋ mé ḋuit é:

“D’ḟág mé féin agus Maiḋc ar maidin ċum dul anonn le ḋá ċaora. Aonaċ na Márta ba eaḋ é. Is dóca go ḃfuil ṫimċeall trí bliaḋna déag ó ṡin anois. Do ḃí ceann de na caorċaiḃ an-ṁillteaċ. Nuair do [ 5 ]

ḃaininn an langaide ḋé d’iontuiġeaḋ sé ar an ngarsún agus do ḃí eagla orm go ngoirteóċaḋ sé é. ‘Atá mo ḋearḃráṫair ag dul go dtí an aonaċ,’ arsa mise ‘téiḋ ó ḋeas agus abair leis ḃeiṫ ag teaċt i mo ċoinne an bóṫar.’ D’imṫig an garsún ċom-mear ’s do ḃí aige. Ḃí an garsún imṫiġṫe uaim agus d’ ionntaiġ mé féin an bóṫar céadna. Is gairid ó ḋeas ḃí mé nuair ṫáinig an ċéad tóirneaċ. Ṫáinig cioṫ mór cloiċ-ṡneaċta ḃí ċoṁ mór gaċ aon ġráinne ḋé le do ḋorn. Ṫáinig an dara tóirneaċ annsin agus an splannc ṁór so. D’imṫig an teas ṫar m’aġaiḋ míle buiḋeaċas leis an Tiġearna, agus ċuaiḋ sí i dtalaṁ ar an dtaoḃ eile de’n ċlaiḋe agus ṫreaḃaiḋ sí roimpe as sin go dtí cloċa na tráġa. Ṡoilltiġ [ṡaṁluiġ.—De H.] sí ḋam ċum ḃeiṫ ċoṁ dearg le teine agus sprainnlíní ag imṫeaċt leis. Do ċaiṫ mé mé féin ar mo ġlúnaiḃ ar lár an ḃóṫair agus aon suim agam innte, do ḃí an leiṫéid sin do sgannraḋ orm. Ṫáinig mo ḋearḃráṫair annsin agus sé do ṫóg suas de’n mbóṫar mé agus sé ċuir isteaċ sa drae mé roiṁ na caorċaiḃ. Ṫáinig sé i m’ḟoċair go dtí Dún Garḃán agus sé ḋíol na caoiriġ ḋam. Annsin nuair ċuaḋmar anonn sé an scéal ḃí ṫall roṁainn ag gaċ aoinne naċ [aċt] ḋá ḃó le fear ó ḃarr an t-sléiḃe ḃí marḃ ag an tóirniġ.”

F. ó’n R.—Agus cia sgríoḃ síos an scéal sin duit?

S.—Mé féin sgríoḃ síos é aċt Máiġréad ní Ṁuirġeasa ṫug dam é.

F. ó’n R.—a atáir-se in iul do’n ċóir aiṫris. Ba ḋóiġ le duine guraḃ í féin ḃeaḋ ann.