Cnó coilleadh craobhaighe/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
SEAN-ĊAINT
[ 28 ]

SEAN-ĊAINT

1. An sean-ṫoġa ḃíonn ar na prátaíḃ:—

An ċéad toġa ċum díola,
An dara toġa ċum bíḋ,
An tríoṁaḋ toġa ċum síl,
Cleaḃráin ṁuc annsin, ginidíos cearc agus
screalla laċan.

2. Fear an-ċruaiḋ ba eaḋ é. Do ḃí cuideaċta ar dínnéar aige. Ní ḃfuiġḃeaḋ a ḃean aon rud do ḋéanaṁ aċt mar ḋéarfaḋ sé léiṫe. Aduḃairt sé léiṫe blúire ime do ċur ar an mbórd go dtí an ċuideaċta. Ní raiḃ ó an mbean aċt an focal d’faġḃáil. Do ḃí sí ag taḃairt iomarca de an im léiṫe. Níor ṫaiṫnig sin le n-a fear. Do ḃí an [ 29 ]leanḃ ar a ġlún aige agus é dá ḃréagaḋ. Do ċrom sé ag crónán dó agus dó ḃí sé ’á ráḋ: “Éadtrom éadtrom leaṫ-is-tiar ṫimċeall, is mó rud ḋéarfaḋ fear an tiġe ná cuirfeaḋ bean an tiġe suim ann.” Ní ṫug an ḃean aon ċluas dó. Ṫug sí léiṫe an t-im go fairsing.

3. “Neart ’na láṁaiḃ naċ (.i. áit) aṁáin an ṁias,” .i. congnaṁ mór fear ḃíonn ó an ḃfeirmeoir aċt ní leigfeaḋ a ċroiḋe cuṁang dó iad do ċoṫuġaḋ.

4. Bád do ḃí ag baint trioscair í seo amaċ go dtí na cloċa duḃa. Do ċuaiḋ bean leo ag baint báirneaċ. Do ċuireadar amaċ ar an gcarraig í agus do ċuadar féin fá ḋéin an trioscair. Ar a gcasaḋ dóiḃ níor ċuiṁniġeadar ar an mbean do ṫaḃairt leo agus do ḃí sí ar an gcarraig. Do ḃí an taoide ag líonaḋ. Do ḃí an ḃean ḃoċt ag liúġairig agus ag sgréaċaḋ. Ba ṫoil le Dia go raiḃ bád eile ag gaḃáil tóisde (.i. tairse) agus do ṫógadar í. Do ḃí fear sa mbád agus do ḋein sé an reaṁán so (.i. an rann so): -

A Ḋéagláin Uí Ḋálaiġ céad smál ort ’s deacair
D’fág tú do ṁáṫair ag baint ḃáirneaċ ar an
gcarraig,
Ḃeaḋ sí siúd báiḋte agus snáṫa[1] fá n-a teangain
M’reaċ (.i. muna mbeaḋ) rángaiġ (.i. ráinig) sa
mbéad Seán rábaċ a Meaċair.

Mac do an mbean ba eaḋ Déaglán a Dálaiġ. Do ḃí sé sa mbád d’fág a ṁáṫair ar an gcarraig.

5.

Séamus a Dálaiġ agus mála mine aige,
Ḋá ċéad ṗráta sáiḋte sa teiniḋ aige,
Práta in a láiṁ agus práta dá iṫe aige,
Ṫaḃarfaḋ sé leaḃar go n-íosaḋ a ṫuilleaḋ aca.

6.

A ṗuisín mí-aṁa, a ṗuisín mí-aṁa,
Dá mbéad an cíor agam, ċíorfainn do ċeann.

[ 30 ]7. Oiḋċe na Nodlag ní hobair le mo ṁuinntir dul a (.i. do) ċodlaḋ gan bogaḋ beag rinnce.

8. Lá ’le (.i. Lá Féile) Briġde báine bíonn áilne ar gaċ síon, bíonn an teas ag dul sa ġréin agus na héin ag déanaṁ nead, na caoiriġ [caora] ag breiṫ na n-uan, agus an t-síon ḟuar ag dul i ḃfaid.

9. “Má ḃíonn náire ort, atá tú ró-ḋealḃ.” “Abair é.”

10. Oiḋċe ḟoġṁair, crúb capaill, dranna madra. Gáire Sasanaiġ, ní ceart ionntaoiḃ do ḃeiṫ asta sin.

11. Sean-ḃean ḃeag ba eaḋ Síġle. “Cionnas atá tú, a Ṡíġle?”—“Ó ’sé, dearc is stiall, is aṁlaiḋ mar aṫá an sgéal, an té ṫagann ar an saoġal fá ṗlainéid an teastúin, níl aon ḟaġḃáil aige ar dul i sna cúig ṗingniḃ do deo.”

12. Is fearr fuiġeall ná uireasbaiḋ. Is fearr fairsing ná fóġanta.

13. “Cionnas atá tu?” “D’iarraiḋ maireaċtain le leisge bás d’ḟaġḃáil.”

14. Dá mbéaḋ teine sa tiġ, ċaiṫfinn mé féin do ṡíneaḋ.

15. Is mairg ná déanann uisge te le cois na [an?] loin’íṫe [loingide], .i. is mairg ná déanann rud i dtosaċ. Loiniṫe seaḋ an bata ḃíonn síos suas sa ċuiginn ag déanaṁ ime.

16. “Ḃfuil deireaḋ agaiḃ leis fós?”—“Níl ná cuiṁneaṁ air.”

17.

Fear fada fionn,
In a seasaṁ sa ngleann,
Gan dada in a ċeann,
Aċt diaḃail agus deaṁain.

—An Feoċadán.

18. An té ḃeiḋ i dtosaċ, beiḋ an ġealaċ in a ṡúiliḃ, [ 31 ]

An té ḃeiḋ sa lár, beiḋ gioradán in a ṡáil,
An té ḃeiḋ ar deireaḋ, béarfaiḋ an púca air.

19.

A ḃean an tiġe ṡéiṁ, cuir do ḋéirc amaċ ċum
an daill,
Olann nó líon nó píosa de an ṁuc (.i. muic) as
an Saill (or oiġeann).” [Aṁrán, “Bean an daill Ḃáin.”—O’K.]

20.

Aṁráinín siodaraimín-sig-seadraimín-seó
Is dóiġ leis na prátaíḃ ná fuilim-se beo
Aċt brúġfad-sa cúl ag cuid aca fós.

21.

“A ḟir úd amuiġ ġaḃann go minic an ród,
Bí ag cuiṁneaṁ ar Ḋia agus ag sileaḋ na
ndeor,
Ḃíos-sa mar atá tusa nuair do ḃí mé óg,
Beiḋ tusa mar atá mise fá leacaiḃ go deo.”

22. Nuair ḃeiḋ an té ólta ag mnáiḃ an ḃaile, raġaiḋ suaiṁneas ar an lá.—Coffee ċum suain agus té ċum faireaċáin.

23. Galar rúin agus cúram gan cion.

24. Tú féin agus do ċaipín clogaide. Fuirse faḋbaċ agus taiḋḃse boċt.

25. B’ḟéidir nár dóiċiġe-de ḋóiḃ teaċt leis an áḋ ná leis an mí-áḋ ċuige.

26. Tiocfaiḋ lá eile fós gur trom le bó a hearball. Atáim corṫa agus ní ṁoltar mo ṡaoṫar, Tar éis mo ḋíċíll ní ḃíotar buiḋeaċ díom, Is mór leo a n-iṫim, is beag leo a ndéanaim, Agus ní leigtear a ċodlaḋ go solas an lae mé.

27. Seaċtnuiġeann (.i. seaċnann) súil níḋ ná feiceann.

28. Bíonn na daoine ag imṫeaċt do réir aṁrais agus tuairme, aċt tagann an sgéal bun-os-cionn i gcoṁnuiḋe.

29. “An té ḃíonn tinn ní binn leis aon rud.” “Go deiṁin, is binn leis faoṫaṁ.”

30. Mair, a ċapaill, agus ġeoḃair féar. Ġeoḃaḋ an capall bás an feaḋ do ḃeaḋ an féar ag fás.

[ 32 ]31. Buail an ceann agus seaċain an muinéal.

32. Atá spéir breáġ amaċ ó an ḃfuinneoig seo.

33. Sé an tslíġe raiḃ Doċtúir de Hindeberg ag múnaḋ na Gaeḋilge aċt mar do rinne Dáiḃiḋ Rí ċuireaḋ seaċt ḃfeaḋa i dtalaṁ, agus i dtaoḃ (.i. do réir) mar do rinne sé sailm d’éiriġ sé feaḋ go dtáinig ar ḃarr na talṁan. Mar sin do ṫáinig sé fá an nGaeḋilg. Do ḃí sé ag bogaḋ an ḟocail roiṁe go dtug sé glan le tuigsint don t-saoġal sa deireaḋ é.

34. Ṫáinig tú in gan-ḟios orainn mar ṫáinig na prátaí duḃa ar Eoċaill.


  1. Go mbeaḋ sí ag caint.