Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

32

31. Buail an ceann agus seaċain an muinéal.

32. Atá spéir breáġ amaċ ó an ḃfuinneoig seo.

33. Sé an tslíġe raiḃ Doċtúir de Hindeberg ag múnaḋ na Gaeḋilge aċt mar do rinne Dáiḃiḋ Rí ċuireaḋ seaċt ḃfeaḋa i dtalaṁ, agus i dtaoḃ (.i. do réir) mar do rinne sé sailm d’éiriġ sé feaḋ go dtáinig ar ḃarr na talṁan. Mar sin do ṫáinig sé fá an nGaeḋilg. Do ḃí sé ag bogaḋ an ḟocail roiṁe go dtug sé glan le tuigsint don t-saoġal sa deireaḋ é.

34. Ṫáinig tú in gan-ḟios orainn mar ṫáinig na prátaí duḃa ar Eoċaill.


MAC RÍOĠ NA hEASPÁINE.

Do ḃí Fionn Mac Cuṁaill lá dá laeṫeantaiḃ agus uair dá ṫráṫantaiḃ agus do rinneaḋ aisling san oiḋċe ḋó go raiḃ ógláċ le teaċt isteaċ ar an náisiún ṫógfaḋ í fá árd-ċíos a ċlaiḋiṁ agus a sgéiṫe. Do ċuir sé Fianna Éireann ar ċuantaiḃ na hÉireann go léireaċ [léir] agus do ċuaiḋ sé féin ar ċuan ar a nglaoḋaidís Cuan Ḃinn Éadair. Ṫug sé seaċt lá agus seaċt n-oiḋċe ag faire an ċuain. Sa t-oċtṁaḋ lá ḋó, do-ċonnaic sé ċuige an corraċán i mbárr na gcrann coṁ-ḟada coṁ-ḋíreaċ, mar an raiḃ róinte, míolta móra, éisg na fairrge lupadán lapadán ag teaċt isteaċ ar ḃuis agus an ḃais agus ar ḃárr bataí ráṁa, cuḃar na haḃann ag dul in íoċtar, gainiṁ na haḃann ag teaċt in uaċtar, iomaraḋ ċéad sa ċorraċán gan istig uirre aċt aon ġaisgiḋeaċ aṁáin ar a nglaoḋaidís Illionn Iolċroṫaċ, mar Ríoġ na hEaspáine. Ní raiḃ i n-a ċeann aċt aon t-súil aṁáin agus í ċoṁ mór le mias trucaile agus caora teineaḋ ag rioṫ amaċ aiste. Do rinne sé ar Fionn Mac Cuṁaill, díreaċ gaċa lom agus lom gaċa ndíreaċ, agus do ḃeannaiġ sé ḋó leis na briaṫraiḃ breáġa fáiḋeaṁla ḃí ann le linn na haimsire sin, agus