Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

30

7. Oiḋċe na Nodlag ní hobair le mo ṁuinntir dul a (.i. do) ċodlaḋ gan bogaḋ beag rinnce.

8. Lá ’le (.i. Lá Féile) Briġde báine bíonn áilne ar gaċ síon, bíonn an teas ag dul sa ġréin agus na héin ag déanaṁ nead, na caoiriġ [caora] ag breiṫ na n-uan, agus an t-síon ḟuar ag dul i ḃfaid.

9. “Má ḃíonn náire ort, atá tú ró-ḋealḃ.” “Abair é.”

10. Oiḋċe ḟoġṁair, crúb capaill, dranna madra. Gáire Sasanaiġ, ní ceart ionntaoiḃ do ḃeiṫ asta sin.

11. Sean-ḃean ḃeag ba eaḋ Síġle. “Cionnas atá tú, a Ṡíġle?”—“Ó ’sé, dearc is stiall, is aṁlaiḋ mar aṫá an sgéal, an té ṫagann ar an saoġal fá ṗlainéid an teastúin, níl aon ḟaġḃáil aige ar dul i sna cúig ṗingniḃ do deo.”

12. Is fearr fuiġeall ná uireasbaiḋ. Is fearr fairsing ná fóġanta.

13. “Cionnas atá tu?” “D’iarraiḋ maireaċtain le leisge bás d’ḟaġḃáil.”

14. Dá mbéaḋ teine sa tiġ, ċaiṫfinn mé féin do ṡíneaḋ.

15. Is mairg ná déanann uisge te le cois na [an?] loin’íṫe [loingide], .i. is mairg ná déanann rud i dtosaċ. Loiniṫe seaḋ an bata ḃíonn síos suas sa ċuiginn ag déanaṁ ime.

16. “Ḃfuil deireaḋ agaiḃ leis fós?”—“Níl ná cuiṁneaṁ air.”

17.

Fear fada fionn,
In a seasaṁ sa ngleann,
Gan dada in a ċeann,
Aċt diaḃail agus deaṁain.

—An Feoċadán.

18. An té ḃeiḋ i dtosaċ, beiḋ an ġealaċ in a ṡúiliḃ,