Caoimhghin Ó Cearnaigh/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Caoimhghín ar Iarraidh
[ 69 ]

CAIB. a XX.—CAOIṀĠÍN AR IARRAIḊ.

Cailín an-aereaċ a b'eaḋ Úna do réir a carad. Ḃí an tuairim ċéadna ag Caoiṁġín féin ar dtús. Níorḃ eol do mórán aca ċóṁ smuainteaċ, ċóṁ intleaċtaċ, ċóṁ gráḋṁar agus a ḃí sí. Ṫuig Caoiṁġín an sgéal i ḃfad roiṁe seo.

Ag dul ar ais go Baile Áṫa Cliaṫ di baḋ ḋóiġ le duine naċ raiḃ sí aereaċ ná sonasaċ ariaṁ. Ḃí uaigneas ṫar meoḋan uirṫe. Ḃí brón uirṫe um an am so faoi naċ ndeaċaiḋ sí i n-éinḟeaċt le Caoiṁġín go Cluaintobair. Ḃí a croiḋe ag cur ṫar maoil le gráḋ dó, agus ba ḋoiliġ léi iad a ḃeiṫ i ḃfad ó ċéile ar feaḋ aon lae aṁáin.

Níor ṫáinig Caoiṁġín ar ais ar n-a ḃáraċ. Ḃí sí cinnte go mbéaḋ sé ar ais um tráṫnóna, mar duḃairt sé naċ ḃfanfaḋ sé i dtiġ a aṫar aċt ar feaḋ oiḋċe aṁáin agus go ḃfágfaḋ sé Cluaintobair roiṁ an nóin. Aċt ṫáinig an oiḋċe agus ní raiḃ sé le feicsint. Ṡaoil sí annsin gur ṁian leis fanaṁaint sa tsean-áit ar feaḋ oiḋċe eile. B'ḟéidir go raiḃ sé tuirseaċ, nó b'ḟéidir go raiḃ an trioblóid níḋ ba ṁeasa 'ná do ṡaoil sé. Aċt ḃí iongnaḋ uirṫe faoi nár ċuir sé sreang-sgéal ċuiċe. Annsin ċuiṁniġ sí go nduḃairt sé léi go minic go raiḃ Cluaintobair i ḃfad ó ḃaile agus ó ṡráid-ḃaile féin. Ḃí sí cinnte, áṁṫaċ, go ḃfaiġfeaḋ sí litir uaiḋ ar maidín lá ar n-a ḃáraċ.

Ṫáinig an lá, aċt níor ṫáinig litir agus níor ṫáinig Caoiṁġín. D'éiriġ sí uaigneaċ, buaiḋearṫa; aċt ċeap sí go raiḃ sé ar a ḃealaċ agus go mbéaḋ sé i mBaile Áṫa Cliaṫ roiṁ tuitim na h-oiḋċe. Aċt ní raiḃ.

Ṫáinig an tríoṁaḋ lá, aċt ní raiḃ tásg ná tuairisg air. Ṫáinig imniḋe ṁór uirṫe annsin. Ċuaiḋ sí ċun oifige an ṗosta agus ċuir sí sreang-sgéal ċuige, ag fiafruiġe de cionnus mar ḃí an sgéal aige agus cé'n uair a ḃéaḋ sé ar ais.

Ḃí sí ag fanaṁaint go mí-ḟoiġdeaċ le freagra ar feaḋ i ḃfad. Fá ḋeireaḋ ṫáinig sgéal ċuice ó oifig an ṗosta—ní raiḃ an “t-addressee” le fáġail: deirtear go ndeaċaiḋ sé go Baile Áṫa Cliaṫ cúpla lá roiṁe sin!

Ṫáinig iongnaḋ agus eagla uirṫe. Aċt tar éis tamaill di ag smaoineaḋ d'éiriġ sí go h-obann. “An páipéar, ḃ'ḟéidir,” ar sise. Cuireaḋ ar ġnó éigin áiriṫe go minic é. B'ḟéidir go ḃfuair sé sreang-sgéal ón árd-ṫuairisgeoir, [ 70 ]agus go raiḃ sé ag obair i n-áit éigin fá'n dtuaiṫ. Aċt cé'n fáṫ faoi nár sgríoḃ sé ċuice féin?

Ċuaiḋ sí fá ḋéin na h-oifige. Duḃairt cléireaċ léi náċ ḃfaca sé Caoiṁġín Ó Cearnaiġ le fada, aċt b'ḟéidir go mbéaḋ sgéal le fáġail i Roinn na Tuairisge. Ċuaiḋ sé go seomra áiriṫe. Ṫáinig sé ar ais tar éis cúpla nóimid. Ní raiḃ Mac Uí Ċearnaiġ tagaiṫe fós, duḃairt sé, agus níor ṫáinig sgéal uaiḋ. Ḃí iongnaḋ orṫa faoi sin, óir baḋ ċeart dó ḃeiṫ ar ais cúpla lá roiṁe sin.

Ḃí eagla ṁór ar ċroiḋe Úna annsin. Ċuaiḋ sí ar ais go tiġ an Ċanónaiġ. Ḃí an Canónaċ as baile. Ċeap sí gur ċeart di dul go Cluaintobair gan ṁoill ar lorg eolais: ṡaoil sí nár ḃ'ḟéidir léi fanaṁaint i mBaile Áṫa Cliaṫ ar aon ċuma. Duḃairt bean a' tiġe naċ mbéaḋ sí i gCluaintobair roiṁ tuitim na h-oiḋċe agus go mbéaḋ sé ċóṁ maiṫ di fanaṁaint go maidin. Duḃairt Úna go raiḃ morán ama caillte ċeana, go raiḃ eagla uaṫḃásaċ uirṫe, agus nár ṁór di brostú . . .

Ḃí tuitim na h-oiḋċe ann nuair ṡroiċ sí Baile an tSíoda Móna féin. Ní raiḃ an “baile” le feicsint, oir ḃí sé leaṫ-ṁíle ón traen-ṗort, aċt ḃí teaċ ósda i n-aice leis an mbóṫar iarainn. Ċuaiḋ Úna fá ḋéin an tiġe ósda ċun cupán tae ḟáġail agus réiḋteaċt do ḋéanaṁ i dtaoiḃ carra go Cluaintobair.

Ṫug bean an tiġe ósda fá deara go raiḃ deifir agus imniḋe uirṫe.

“Is fada an bealaċ é,” ar sise go cinéalta, nuair ċuir sí an cupán os coṁair Úna, “agus is léir go ḃfuilir tuirseaċ go leór ċeana féin——”

“Ḃfuil eolas agat ar Ċluaintobair?” ar Úna.

“Níl,” arsan ḃean, “aċt ċualas go minic go ḃfuil an bóṫar an-ḟada agus an-uaigneaċ. Agus is iomḋa duine a ċonnaic taiḋḃsí ar an mbóṫar céadna ist-oiḋċe.”

Do ṫráċt sí ar na taiḋḃsí go ceann tamaillín.

“Is fada agus is contaḃarṫaċ an bealaċ é,” ar sise. “Aċt b'ḟéidir go ḃfuil rudaí níos measa 'ná taiḋḃsí ann. An fear óg boċt a ṫáinig annso ó Ċluaintobair i dtús na seaċtṁaine, ní ḟaca sé ṫaiḋḃse, aċt fuair sé——”

“Cé an fear?” ar Úna, ag preabaḋ. D'ḟéaċ bean an tiġe ósda uirṫe go géar aċt go cinéalta.

[ 71 ]“Ṫáinig fear óg annso oiḋċe Dé Luain, nó maidin Dé Mairt ba ċeart dam a ráḋ,” ar sise. “Ní ḟeadar cé h-é féin. Ḃí sé ag féaċaint go lag, tuirseaċ, brónaċ. Duḃairt sé go dtáinig sé ar a roṫar ó Ċluaintobair i gcóir traen na litreaċ go Baile Áṫa Cliaṫ, aċt ḃí sé ró-ḋéiḋeannaċ—deiċ nóimid nó mar sin; ḃí an donas ar an oiḋċe, agus ní raiḃ sé i n-ann siuḃal go mear. Duḃairt sé go mbéaḋ sé amuiġ i gcóir an ċéad traen eile ar maidin lá ar n-a ḃáraċ, aċt nuair ṫáinig an ṁaidin ḃí an fear boċt i gcruaḋ-ċás, agus tá sé i gcruaḋ-ċás ó ṡoin—fiaḃras inċinne air.”

Ḃain na focla deireannaċa geit ṁór as Úna.

“Cé an saġas fir é féin?” ar sise.

Ṫug an ḃean gearr-ṫuairisg di.

Do ṗreab Úna 'na seasaṁ.

“Ċuaiḋ m'ḟear-ċéile féin go Cluaintobair maidin Dé Luain,” ar sise. “Níor ṫáinig sé ar ais go Baile Áṫa Cliaṫ, agus tásg ná tuairisg ní ḟuaras air ó ṡoin. Tá mo ċroiḋe beagnaċ briste. Is cosaṁail gurab é an fear——”

“Go ḃfóiriḋ Dia orainn! Is aisteaċ an sgéal é,” arsa bean an tiġe ósda, ag preabaḋ . . .

Ċuadar suas na staiġrí. Ċuadar isteaċ i seomra mór. Ḃí banaltra 'na suiḋe cois leabṫa. Ḃí Caoiṁġín 'na luiġe sa leabaiḋ.