Caoimhghin Ó Cearnaigh/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Bárr Donais I gCluaintobair
[ 64 ]

CAIB. a XIX.—BÁRR DONAIS I gCLUAINTOBAIR.

Ḃí an oiḋċe ann nuair ṡroiċ Caoiṁġín an traen-ṗort ag Baile an t-Síoda Móna. Ḃí turas fada roiṁe fós, óir tá Cluaintobair i ḃfad ó'n mbóṫar iarainn. Is air ba ġearr an ṁoill an roṫar d' ḟáġail, agus i gceann cúig nóiméad ḃí sé ag dul síos amaċ, ar ḃóṫar na móna i mbárr an anama. Ḃí an oiḋċe maiṫ go leor ar dtús, aċt tar éis leaṫ-uaire do ṫuit sé ag báisdiġ, agus ba ḋeacair agus ba ḃaoġalaċ é roṫaireaċt do ḋéanaṁ. Níor ṁó ná gur ṁoṫuiġ Caoiṁġín cé an saġas oiḋċe a ḃí ann. Ḃí fiaḃras 'na aigneaḋ ó ṁaidin, ċuir litir a ṁáṫair an oiread sin buaiḋearṫa air. Ba ḋoilig leis an méid trioblóiḋe agus duaiḋ a ḃí uirṫe agus ar a aṫair le déanaiġe—agus é féin ċóṁ aṫásaċ, ċóṁ neaṁ-ċuiṁneaċ a's do ḃéaḋ duine i dTír na nÓg! Ba ṁór an náire dó é sin, duḃairt sé leis féin. Níor léir dó an fáṫ faoi nár sgríoḃ sé go minic ċuca; níor léir dó an fáṫ faoi nár ċuidiġ sé leo aċt ċóṁ beag. Saṁluiġeaḋ dó nárḃ é an duine céadna a ḃí ann um an am so ḃí ann seaċtṁain nó mí roiṁe sin. Aċt b'ḟearr a ḃeiṫ mall 'ná ró-ṁall, agus, le congnaṁ Dé do réiḋteoċaḋ sé gaċ rud láiṫreaċ baill, agus ḃéaḋ teolaiḋeaċt aca ar an ḃfeilm ḃig go lá a mbáis.

[ 65 ]Nuair ṡroiċ sé Cluaintobair d'éiriġ a ċroiḋe. Do ṁoṫuiġ sé arís ċóṁ-ċeangal iongantaċ idir a ċroiḋe agus gaċ rud a ḃain le n-a ḃaile ḋúṫċais. An tsean-áit!—ḃí sí beo, croiḋeaṁuil, ní raiḃ an spiorad céadna i n-aon áit eile.

Ḃí sé beagán déiḋeannaċ, agus níor casaḋ duine air i gCluaintobair féin. Ba ṁaiṫ an rud é sin, do ṡaoil sé. Níor ṁaiṫ leis laḃairt le duine ar ḃiṫ no go mbéaḋ seanċus le n-a aṫair agus a ṁáṫair aige.

Ar teaċt do'n ḃóitrín dó ḃí deireaḋ leis an roṫaireaċt; b'éigin dó ṡiuḃal go dtí an teaċ.

Ní raiḃ solus le feicsint sa tiġ. Ċeap sé go raḃadar 'na gcodlaḋ. Do ḃuail sé ar an doras. Ciúineas! Tost! Do ḃuail sé arís. Do ḃuail sé arís eile. Ní raiḃ freagra ná fuaim le cloisint.

Do ḃuail sé arís, do ḃuail sé go raiḃ tuirse 'na láiṁ. Níorḃ aon ṁaiṫeas dó é. Níor ṫáinig freagra ċuige, níor airiġ sé fuaim aċt fuaim an ḃuailte.

Ṫáinig eagla ṁór ar a ċroiḋe. Do ṡiuḃail sé ṫart timċeall an tiġe. D'féaċ sé ar na fuinneogaiḃ. Do ḃuail sé ar an ndoras arís.

Ṁoṫuiġ sé duine ag teaċt ó'n mbóiṫrín.

“Cé ṫú féin, nó cad tá uait?” arsan duine—Máirtín Gréasaiḋe a ḃí ann. “Naċ ḃfuil ḟios agat——”

“An tusa atá ann, a Ṁáirtín,” ar Caoiṁġín. “Táim ag bualaḋ an dorais le deiċ nóimid. Ní ḟeadar cad tá orṫa istiġ.”

“Go ḃfóiriḋ Dia orainn an oiḋċe ḃeannuiġṫe seo,” ar Máirtín. “Ḃfuilim ag taiḋḃreaḋ, nó an é Caoiṁġín Ó Cearnaiġ féin atá ann?”

“Tá cuid de ann go cinnte,” ar Caoiṁġín, “aċt saoileann sé go ḃfuil cuid dá anam imṫiġṫe.”

“Agus i n-ainm Dé, a Ċaoiṁġín, cé'n fáṫ faoi go dtáinig tú annso an uair seo?”

“Níor ḃ'ḟéidir liom teaċt níḋ ba luaiṫe,” ar Caoiṁġín. “Ḃí sé 'na oiḋċe nuair ṡroiċeamar Baile an t-Síoda Móna——”

“Aċt cé'n fáṫ go dtáinig tú i n-aon ċor?” ar Máirtín.

“Cé'n fáṫ faoi do dtáinig mé i n-aon ċor? Is aisteaċ an ċeist í sin, a Ṁáirtín. Ar maidin indiu fuair mé litir ó mo ṁáṫair——”

“Ar maidin indiu?”

[ 66 ]“Sgríoḃ sí an litir tamall maiṫ ó ṡoin, aċt ḃíos ag dul ó áit go háit, agus ní ḃfuaras í go dtí maidin indiu. Duḃairt sí go raiḃ trioblóid ṁór orṫa——”

“Mo léan-ċreaċ géar!” ar Máirtín. “Trioblóid níḋ ba ṫruime ní raiḃ ar ċroiḋe máṫar i gCluaintobair riaṁ.”

“I n-ainm Dé, a Ṁáirtín, cad tá dá ráḋ agat? Ná h-abair go ḃfuil aoinne aca marḃ.” Agus do ḃuail sé ar an doras.

“Níl aoinne aca marḃ, buiḋeaċas mór le Dia,” ar Máirtín, “aċt is iongnaḋ liom naċ ḃfuil an sgéal ar fad agat-sa, a Ċaoiṁġín.”

“Is annaṁ a fuair mé tuairisg ó Ċluaintobair,” ar Caoiṁġín. “Sgríoḃ na cailíní ċugam corr-uair ar dtús, aċt is fada ó ċuireadar oiread agus líne ċugam.”

“B'ḟéidir go raiḃ fáṫ faoi sin, a Ċaoiṁġín. Ḃí cráḋ croiḋe orra, agus is boċt a ḃí an saoġal aca san Oileán Úr go dtí le déanaiġe.”

“'San Oileán Úr!” ar Caoiṁġín, agus iongnaḋ an doṁain air. “Níor ċualas go raḃadar san Oileán Úr. Ná cailíní boċta!——”

“Ċualas do ṁáṫair ag ráḋ uair aṁáin nár ċeart an sgéal a ċur i n-úil duit fós. Ḃéaḋ sé ag déanaṁ buaiḋearṫa duit, adeir sí. Aċt ċeapas go raiḃ sé agat—agus sgéal na mbuaċaillí leis—i ḃfad roiṁe seo.”

“Sgéal na mbuaċaillí!” ar Caoiṁġín. “Ḃfuil Art agus Donnċaḋ imṫiġṫe mar an gcéadna?”

“Ċuadar leaṫ-ḃliaḋain roiṁ na cailíní,” ar Máirtín. “Táid go léir i mBoston. Agus is dóċa go ḃfuil d'aṫair agus do ṁáṫair ḃoċt ann anois——”

Do ṗreab Caoiṁġín. Is beag nár stad a ċroiḋe.

“M'aṫair agus mo ṁáṫair imṫiġṫe! I n-ainm Dé ḃfuil tú dáríriḃ, a Ṁáirtín?”

“Fairíor, a Ċaoiṁġín, táim lom dáríriḃ, agus tá mo ċroiḋe cráiḋte faoi ráḋ a's go ḃfuilim. D' imṫiġeadar coicṫiġeas ó ṡoin beagnaċ. B'in é an bárr donais orainn go léir.”

Níor laḃair Caoiṁġín ar feaḋ tamaill. Agus annsin nuair laḃair sé ṡaoil Máirtín gur “taiḋḃse goṫa” a ḃí aige.

“Tuigim anois rudaí nár ṫuigeas ċeana i litir mo ṁáṫar,” ar seisean. “Is náireaċ, is uaṫḃásaċ an sgéal é. Is orm atá an loċt ar mórán sliġte, aċt, ní raiḃ [ 67 ]eolas agam ar a stáid, agus níor ċuireadar i n-úil dam é——”

“Níor ċuireadar i n-úil d'aoinne é go dtí le déanaiġe,” ar Máirtín. “Ṡaoileamar go raḃadar compórdaċ go leór. Ċeapadar, mar duḃradar liom sa deire, go mbéaḋ aṫrú ar an sgéal ó ṁí go mí. Aċt ḃí fiaċa orṫa, agus ní raḃadar ábalta ar an cíos do ċur le ċéile. Duḃradar liom go raiḃ De Faoite (an tiġearna talṁan) foiġdeaċ go leór; aċt ba léir dóiḃ naċ mbéidís i n-ann sliġe beaṫaḋ d' ḟáġail annso, agus nuair ṫáinig na ‘ticéidí’ ó na cailíní——”

“Go ḃfóiriḋ Dia orṫa,” ar Caoiṁġín de ġuṫ brónaċ. “Tá eagla orm go ḃfuil a gcroiḋe briste. Ḃí gráḋ an doṁain aca do'n ḃfeilm ḃig. 'Sé an mí-áḋ cráiḋte é nár sgríoḃadar ċugam i bfad ó ṡoin. Sin rud naċ dtuigim i n-aon ċor.”

“Ṫáinig an sgéal go Cluaintobair leaṫ-ḃliaḋain ó ṡoin go raiḃ tú ar tí pósaḋ, agus——”

“Ní ḟeadar cé ċuir an sgéal sin go Cluaintobair,” duḃairt Caoiṁġín leis féin. “Seán Ó Murċada, b'ḟéidir. . . . Ḃí an ceart sa sgéal,” ar seisean ós áird, “agus tá bean óg, áluinn agam.”

Ḃíodar ag cainnt i dtaoiḃ Úna ar feaḋ tamaill.

“Tá bród orm faoi an sgéal,” ar Máirtín. “Aċt níl maiṫeas dúinn a ḃeiṫ ag fanaṁaint annso, a Ċaoiṁġín. Táim cinnte go ḃfuil tuirse agus ocras ort ċóṁ maiṫ le brón. Tar liom anois, mar fear maiṫ——”

“A Ṁáirtín, ḃfuil ḟios agat cé'n áit 'na mbéiḋ m'aṫair agus mo ṁáṫair ag fanaṁaint i n-Aimeirioca, nó cá ḃfuil na cailíní nó ná buaċaillí?”

“Ṁuise, go deiṁin, tá,” ar Máirtín. “Is minic do ċualas an seolaḋ céadna. Seo é——”

“Fan nóimid, a Ṁáirtín.”

Ṫóg sé leaḃrán cuiṁne agus peann luaiḋe as a ṗóca, agus annsin ċuaiḋ sé fa ḋéin lóċrainn an roṫair.

“Anois, a Ṁáirtín.”

Ċuir Máirtín an seolaḋ i n-úil dó, agus sgríoḃ sé síos sa leaḃrán ċuiṁne é.

“Go raiḃ míle maiṫ agat, a Ṁáirtín,” ar seisean. “Táim buiḋeaċ ó ċroiḋe ḋuit mar ġeall ar do ċinéaltas. Aċt ní raċaiḋ mé leat anoċt. Ní raċaiḋ mé isteaċ i do ṫiġ, ní raċaiḋ mé trasna táirsiġe i gCluaintobair sul a [ 68 ]raċaiḋ mé trasna táirsiġe an tiġe seo, tiġ m' aṫar féin, agus é féin agus mo ṁáṫair ḃoċt istiġ róṁam. Agus déanfaiḋ mé sin, le congnaṁ Dé, sul a ḃéas an ḃliaḋain seo caiṫte. Tá sé orm anois gaċ rud do ṡoċruġaḋ agus a ċur i gcóir, agus iad a ṫarraing ar ais ar an ḃfeilm ḃig.”

“Aċt anoċt, a Ċaoiṁġín——”

“Táim ag dul ar ais go Baile Áṫa Cliaṫ. Béiḋ traen na litreaċ ag Baile an t-Síoda Móna ar a——”

“Go ḃfóiriḋ Dia orainn,” ar Máirtín. “Ḃéiḋṫeá marḃ amaċ 's amaċ. Agus ḃéaḋ na coṁarsana ar buile——”

“Abair leo i mbáraċ, a Ṁáirtín, agus cuir i n-úil dóiḃ nár ḃ'ḟéidir liom fanaṁaint, agus nár ṁaiṫ liom fanaṁaint, mar ġeall ar an náire atá orm faoi sgéal agus stáid m'aṫar agus mo ṁáṫar. Aċt nuair a ḃéas siad-san ar ais arís ní náire aċt bród a ḃéas orm agus mé i gCluaintobair.”

Ċuaiḋ Máirtín go mór agus go fuinneaṁail i n-aġaiḋ imṫeaċta Ċaoiṁġín. Rud ċóṁ díṫċéilliḋe níor ċuala sé ariaṁ. Ḃí Caoiṁġín tuirseaċ tnáiḋte ċeana féin, agus ḃéaḋ sé leaṫ-ṁarḃ sar a mbéaḋ leaṫ an ḃealaiġ siuḃalta aige.

“Ní ḟanfaiḋ mé i gCluaintobair, ní laḃróċaiḋ mé leis na coṁarsana, ní raċaiḋ mé trasna táirsiġe sa bparáisde nó go mbéiḋ m'aṫair agus mo ṁáṫair ar ais arís. Sin é a ḟaid 's a leiṫead agat, a Ṁáirtín,” ar Caoiṁġín.

“Aċt teasduiġeann rud le n-iṫe uait, pé'r doṁan é. Caiṫfiḋ tú ḃeiṫ ciallṁar——”

“Dá mbéaḋ fleaḋ na ḃFiann féin ar siuḃal, a Ṁáirtín, níor ḃ'ḟéidir liom fanaṁaint. Ní féidir liom aon rud a ḃlaiseaḋ.”

B'éigin do Ṁáirtín cead a ċinn a ṫaḃairt dó. Ṡiuḃla- dar le ċéile suas an bóiṫrín, agus ar sroiċint an ḃóṫair ṁóir dóiḃ d'ḟág Caoiṁġín a ṡlán ag Máirtín, do léim sé ar a roṫar, agus as go bráṫ leis.

Do stad Máirtín ar an mbóṫar ar feaḋ tamaill, agus buaiḋirt ar a ċroiḋe. D'éiriġ an ġaoṫ, agus do ṫosnuiġ sé ag báisdiġ. Do ċrom Máirtín a ċeann agus do ċuaiḋ sé a ḃaile go brónaċ.