Caoimhghin Ó Cearnaigh/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
An Litir ó n-a Mháthair
[ 63 ]

CAIB. a XVIII.—AN LITIR Ó N-A ṀÁṪAIR.

Maidin lá ar n-a ḃáraċ fuair Caoiṁġín beart litreaċa a ṫáinig ċun na h-oifige dó. Ċuir an t-árd-ṫuairisgeoir ċuige iad fá ċlúdaċ mór. Aċt ó ḃí Caoiṁġín ag triall go tapaiḋ ó áit go h-áit ní ḃfuair sé i dtráṫ iad. Nuair d' osgail sé an clúdaċ fuair sé imeasg na litreaċ ceann a ḃí ar an mbealaċ le fada. Cuireaḋ ar dtús go Duṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean í—fá ċúram Ṡeáin Uí Ṁurċaḋa. Annsin cuireaḋ go teaċ Ṡeáin i mBéilfeirsde í. 'Na ḋiaiḋ sin ċuir Seán go dtí oifig Ċaoiṁġín i mBaile Áṫa Cliaṫ í, agus ċuir an t-árd-ṫuairisgeoir go Caoiṁġín i gCúige Ċonnaċt í, i n-aoinḟeaċt leis na litreaċa eile.

“Go deiṁin, is fada go dtáinig tú, a litir ḃoiċt,” ar seisean. “Agus gan bréag a ráḋ tá rian an turais ort.”

Annsin do ċonnaic sé, do réir mairc ṗosta, gur as a ḃaile dúṫċais féin a ṫáinig sí ar dtús. D' osgail sé go tapaiḋ í.

Ba ḋeacair an rud í léiġeaḋ. Ba léir dó naċ raiḃ cleaċtú ag an sgríḃneoir. Aċt ṫáinig toċt ar a ċroiḋe nuair fuair sé amaċ gurḃ í a ṁáṫair féin do sgríoḃ í . . .

“Cad tá ort, a Ċaoiṁġín a ċroiḋe?” ar Úna agus imniḋe uirṫe. “An ḃfuair tú droċ-sgéal?”

“Fuaras, fairíor!” ar seisean, “aċt níl sé soiléir dam i n-aon ċor. Tá trioblóid éigin ar mo ṁáṫair.”

Do sgrúdaiġ sé an litir ar feaḋ tamaill eile. Annsin d' ḟéaċ sé ar Úna, aċt níor ḟéad sé focal a ráḋ.

Ċuir an ṁáṫair i n-úil dó—nó rinne sí iarraċt ċun é ċur i n-úil dó—go raḃadar i gcruaḋ-ċás, aċt go raiḃ “ticéidí an turais” tar éis teaċt ó na cailíní. Baḋ ṫruaġ leo imṫeaċt as Cluaintobair, aduḃairt sí, aċt ḃí eagla orṫa naċ raiḃ leiġeas aca air. Do ġuiḋ sí air litrín a ċur ċuca ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus a b'ḟéidir leis.

Níor ṫuig Caoiṁġín an tráċt i dtaoiḃ na gcailíní, aċt ṫáinig imniḋe agus eagla ar a ċroiḋe. A aṫair agus a [ 64 ]ṁáṫair i gcruaḋ-ċás! Agus a lán ama caillte ċeana! Agus iad ag ceapaḋ, b'ḟéidir, go raḃadar dearmadṫa ar fad aige! Ṫáinig uaigneas agus sgannraḋ agus cráḋ croiḋe air.

Ḃí a intinn trí n-a ċéile, aċt ṁíniġ sé an sgéal do Úna ċóṁ maiṫ agus do b'ḟéidir leis. Ṫáinig brón agus eagla uirṫe.

D'aontuiġ sí leis gur ċóir dó dul go Cluaintobair láiṫreaċ bonn. Bí gáḃad mór leis sin. D' aontuiġeadar go raċaḋ sise go Baile Áṫa Cliaṫ agus go ḃfanfaḋ sí ar feaḋ na h-oiḋċe i dtiġ an Ċanónaiġ. Ċeap Caoiṁġín go mbéad sé féin i mBaile Áṫa Cliaṫ ar n-a ḃáraċ—b'é tuairim an árd-ṫuairisgeora nár ġáḃaḋ ḋó fanaṁaint níḋ baḋ ḟuide i gCúige Ċonnaċt.

D' éiriġ an lá fliuċ, dorċa. Ba ṁór an t-aṫrú é. Ṡaoil Caoiṁġín go raiḃ sé cosaṁail le n-a intinn féin. Do ṁéaduiġ an imniḋe agus an eagla a ḃí ar ċroiḋe Úna.