Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

68

raċaiḋ mé trasna táirsiġe an tiġe seo, tiġ m' aṫar féin, agus é féin agus mo ṁáṫair ḃoċt istiġ róṁam. Agus déanfaiḋ mé sin, le congnaṁ Dé, sul a ḃéas an ḃliaḋain seo caiṫte. Tá sé orm anois gaċ rud do ṡoċruġaḋ agus a ċur i gcóir, agus iad a ṫarraing ar ais ar an ḃfeilm ḃig.”

“Aċt anoċt, a Ċaoiṁġín——”

“Táim ag dul ar ais go Baile Áṫa Cliaṫ. Béiḋ traen na litreaċ ag Baile an t-Síoda Móna ar a——”

“Go ḃfóiriḋ Dia orainn,” ar Máirtín. “Ḃéiḋṫeá marḃ amaċ 's amaċ. Agus ḃéaḋ na coṁarsana ar buile——”

“Abair leo i mbáraċ, a Ṁáirtín, agus cuir i n-úil dóiḃ nár ḃ'ḟéidir liom fanaṁaint, agus nár ṁaiṫ liom fanaṁaint, mar ġeall ar an náire atá orm faoi sgéal agus stáid m'aṫar agus mo ṁáṫar. Aċt nuair a ḃéas siad-san ar ais arís ní náire aċt bród a ḃéas orm agus mé i gCluaintobair.”

Ċuaiḋ Máirtín go mór agus go fuinneaṁail i n-aġaiḋ imṫeaċta Ċaoiṁġín. Rud ċóṁ díṫċéilliḋe níor ċuala sé ariaṁ. Ḃí Caoiṁġín tuirseaċ tnáiḋte ċeana féin, agus ḃéaḋ sé leaṫ-ṁarḃ sar a mbéaḋ leaṫ an ḃealaiġ siuḃalta aige.

“Ní ḟanfaiḋ mé i gCluaintobair, ní laḃróċaiḋ mé leis na coṁarsana, ní raċaiḋ mé trasna táirsiġe sa bparáisde nó go mbéiḋ m'aṫair agus mo ṁáṫair ar ais arís. Sin é a ḟaid 's a leiṫead agat, a Ṁáirtín,” ar Caoiṁġín.

“Aċt teasduiġeann rud le n-iṫe uait, pé'r doṁan é. Caiṫfiḋ tú ḃeiṫ ciallṁar——”

“Dá mbéaḋ fleaḋ na ḃFiann féin ar siuḃal, a Ṁáirtín, níor ḃ'ḟéidir liom fanaṁaint. Ní féidir liom aon rud a ḃlaiseaḋ.”

B'éigin do Ṁáirtín cead a ċinn a ṫaḃairt dó. Ṡiuḃla- dar le ċéile suas an bóiṫrín, agus ar sroiċint an ḃóṫair ṁóir dóiḃ d'ḟág Caoiṁġín a ṡlán ag Máirtín, do léim sé ar a roṫar, agus as go bráṫ leis.

Do stad Máirtín ar an mbóṫar ar feaḋ tamaill, agus buaiḋirt ar a ċroiḋe. D'éiriġ an ġaoṫ, agus do ṫosnuiġ sé ag báisdiġ. Do ċrom Máirtín a ċeann agus do ċuaiḋ sé a ḃaile go brónaċ.