Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

70

agus go raiḃ sé ag obair i n-áit éigin fá'n dtuaiṫ. Aċt cé'n fáṫ faoi nár sgríoḃ sé ċuice féin?

Ċuaiḋ sí fá ḋéin na h-oifige. Duḃairt cléireaċ léi náċ ḃfaca sé Caoiṁġín Ó Cearnaiġ le fada, aċt b'ḟéidir go mbéaḋ sgéal le fáġail i Roinn na Tuairisge. Ċuaiḋ sé go seomra áiriṫe. Ṫáinig sé ar ais tar éis cúpla nóimid. Ní raiḃ Mac Uí Ċearnaiġ tagaiṫe fós, duḃairt sé, agus níor ṫáinig sgéal uaiḋ. Ḃí iongnaḋ orṫa faoi sin, óir baḋ ċeart dó ḃeiṫ ar ais cúpla lá roiṁe sin.

Ḃí eagla ṁór ar ċroiḋe Úna annsin. Ċuaiḋ sí ar ais go tiġ an Ċanónaiġ. Ḃí an Canónaċ as baile. Ċeap sí gur ċeart di dul go Cluaintobair gan ṁoill ar lorg eolais: ṡaoil sí nár ḃ'ḟéidir léi fanaṁaint i mBaile Áṫa Cliaṫ ar aon ċuma. Duḃairt bean a' tiġe naċ mbéaḋ sí i gCluaintobair roiṁ tuitim na h-oiḋċe agus go mbéaḋ sé ċóṁ maiṫ di fanaṁaint go maidin. Duḃairt Úna go raiḃ morán ama caillte ċeana, go raiḃ eagla uaṫḃásaċ uirṫe, agus nár ṁór di brostú . . .

Ḃí tuitim na h-oiḋċe ann nuair ṡroiċ sí Baile an tSíoda Móna féin. Ní raiḃ an “baile” le feicsint, oir ḃí sé leaṫ-ṁíle ón traen-ṗort, aċt ḃí teaċ ósda i n-aice leis an mbóṫar iarainn. Ċuaiḋ Úna fá ḋéin an tiġe ósda ċun cupán tae ḟáġail agus réiḋteaċt do ḋéanaṁ i dtaoiḃ carra go Cluaintobair.

Ṫug bean an tiġe ósda fá deara go raiḃ deifir agus imniḋe uirṫe.

“Is fada an bealaċ é,” ar sise go cinéalta, nuair ċuir sí an cupán os coṁair Úna, “agus is léir go ḃfuilir tuirseaċ go leór ċeana féin——”

“Ḃfuil eolas agat ar Ċluaintobair?” ar Úna.

“Níl,” arsan ḃean, “aċt ċualas go minic go ḃfuil an bóṫar an-ḟada agus an-uaigneaċ. Agus is iomḋa duine a ċonnaic taiḋḃsí ar an mbóṫar céadna ist-oiḋċe.”

Do ṫráċt sí ar na taiḋḃsí go ceann tamaillín.

“Is fada agus is contaḃarṫaċ an bealaċ é,” ar sise. “Aċt b'ḟéidir go ḃfuil rudaí níos measa 'ná taiḋḃsí ann. An fear óg boċt a ṫáinig annso ó Ċluaintobair i dtús na seaċtṁaine, ní ḟaca sé ṫaiḋḃse, aċt fuair sé——”

“Cé an fear?” ar Úna, ag preabaḋ. D'ḟéaċ bean an tiġe ósda uirṫe go géar aċt go cinéalta.