CAIB. a XXI.—AN FIAḂRAS.
An stáid 'na raiḃ Caoiṁġín ḃí sé go dona. Is beag nár ḃris croiḋe Úna an oiḋċe sin agus í ag freastail agus ag faire. Is iomḋa oiḋċe freastail de'n tsaġas céadna a ḃí roimpe.
Nuair d'ḟág Caoiṁġín slán aici i gCúige Ċonnaċt ní raiḃ rian ná cosaṁlaċt teinnis air gioḋ go raiḃ sé buaiḋearṫa brónaċ. Ḃí sé láidir go leor i gcóṁnuiḋe. Dá ḃríġ sin do b' iongnaḋ léi mar ṫuit sé ċóṁ breoiḋte sin go h-obann. Ċuir sí nóta ċun an Ċanónaiġ le cur i n-iúl dó cá raiḃ sí agus 'ġá ráḋ go raiḃ fiaḃras mór ar Ċaoiṁġín. Ċeap sí fós gur ċeart an sgéal a ċur ċun a aṫar agus a ṁáṫar. Ṁíniġ sí an ċeist do ṁuinntir an tiġe ósda, agus is orṫa ba ġearr an ṁoill teaċtaire a ċur go [ 72 ]Cluaintobair. Ṫáinig an teaċtaire ar ais agus duḃairt sé le h-Úna go raiḃ an t-aṫair agus an ṁáṫair imṫiġṫe go h-Aimeírioca le breis agus coicṫiġeas. Do ċrom Úna a ceann agus ṫáinig deora 'na ṡúiliḃ. Ṫuig sí go maiṫ annsin cad do ṫuit amaċ do Ċaoiṁġín.
Duḃairt an teaċtaire fós go raiḃ brón ar na sean-ċoṁarsana fá'n sgéal go raiḃ Caoiṁġín ar an leabaiḋ breoiḋte. Ḃí gac aoinne ag tráċt ar a ċuaird go Cluaintobair san oiḋċe agus ar an seanċus le Máirtín Gréasaiḋe. Ḃí Máirtín ag innsint an sgéil do ló a's d'oiḋċe. D'innis sé ó ṫús go deireaḋ do'n teaċtaire é. D'innis an teaċtaire ó ṫús go deireaḋ do Úna é. Ḃí gaċ rud soiléir annsin.
Ṫáinig Máirtín féin agus a lán eile do na sean-ċoṁarsana go Baile an t-Síoda Móna ar lorg eolais faoi an stáid 'na raiḃ Caoiṁġín. Ṫáinig cuid aca go minic. Ba ṁór an ċeist a ḃí orṫa 'na ṫaoiḃ ar dtús. D'ḟan Máirtín agus cuid eile aca san áit ar feaḋ na h-oiḋċe ar ṫáinig iompóḋ an ḟiaḃrais, agus níor imṫiġeadar a ḃaile no go ḃfuaireadar amaċ ó Úna go raiḃ rian bisiġ le feicsint. Is orṫa a ḃí an t-áṫas annsin. Níorḃ ḟada go dtáinig an lá nuair aduḃairt Úna go raiḃ an “baoġal” ṫart do réir an doċtúra. Ḃí éadtromú croiḋe i gCluaintobair an oiḋċe sin.
Annsin ċuiṁniġ Úna ar rudaí nár b'ḟéidir léi bacaḋ leo roiṁe sin. Ċuir sí nóta ċun an árd-ṫuairisgeora dá ċur i n-úil dó cad a ṫuit amaċ do Ċaoiṁġín agus an feaḃas a ḃí ag teaċt air. Ċuir sí litir ṁór ċun an Ċanónaiġ, litir 'na raiḃ bród agus mór-ġáirḋeaċas agus buiḋeaċas ó ċroiḋe mar ġeall ar an ḃfeaḃas ċéadna.
Nuair ṫáinig Caoiṁġín ċuige féin níor ġáḃaḋ dó míniuġaḋ a ṫaḃairt dá ṁnaoi. Ḃí bród an tsaoġail láiṁe air faoi go ḃfuair sí amaċ an áit 'na raiḃ sé, agus faoi go raiḃ sí ag freastal air i riṫ an ḟiaḃrais. Ba ḋóiġ leis ar dtús gur aingeal a ḃí cois na leabṫa.
Maidin aṁáin ḃíodar ag caint faoi an oiḋċe ar ar ṫuit sé breoiḋte.
“Ḃí an donas ar an aimsir sa deireaḋ,” ar seisean, “agus ḃí an donas orm-sa fós. Aċt duḃairt mé liom féin gur ṫuilleas é, agus a ḋá oiread leis. Ḃíomar ag caint go minic faoi ‘ċéasaḋ an ġnáṫ-ḋuine.’ Ṫuigeas é go maiṫ annsin, agus céasaḋ an anama ċóṁ maiṫ leis. [ 73 ]Do ċuiṁniġeas ar a lán aduḃrais an lá úd a ḃíomar cois na fairrge i ḃFine Gall. Ḃí tráċt agat ar ḟear óg agus ar ṁnaoi óig a ṫréig a n-árd-nádúir, a ċuir spéis i ngráḋ, i n-aoiḃneas, i ndioṁaointeas, gan suim i n-aon rud aċt aṁáin iad féin——”
“Ná bac leo,” ar Úna. “Ní ḃaineann siad linne. Tuigim a lán rudaí anois nár ṫuigeas i gceart an uair sin. Táim i ḃfad níos ciallṁaire indiu. Bean atá ionam anois. Tréigean na h-árd-nádúire, an eaḋ! A' gceapann tú gur ṫréig sinne ár n-árd-nádúir—an méid atá againn—nuair ṗósamar le ċéile. Má ċeapann tú aṁlaiḋ béiḋ troid eadrainn, a Ċaoiṁġín Uí Ċearnaiġ.
“Ní ċeapaim,” ar Caoiṁġín ag gáire, “aċt sar a ṗós mé ṫú baḋ ċeart dam a ḃeiṫ cinnte go raiḃ teolaiḋeaċt ag m'aṫair agus ag mo ṁáṫair, go raḃadar compórdaċ ar an ḃfeilm ḃig. Rinne mé dearmad mór, agus is beag nár ċaill mé mo ṁeaḃair nuair fuair mé amaċ an ċaoi 'na raḃadar.”
Do ṗóg Úna é.
“Déanfaiḋ sin anois,” ar sise. “Ná bíoḋ ceist ort as so amaċ. Béiḋ gaċ rud socruiġṫe i gceann tamaillín. 'Sí an ḟírinne ġlan a ráḋ go ḃfuil do ċroiḋe ró-ḋoiṁin agus ró-ġráḋmar, agus ní mór duit ḃeiṫ cúramaċ nó béiḋ sé dá ċéasaḋ i gcoṁnuiḋe.”
Maidir leis an imirc do ṡaoil sí go raiḃ an oiread loċta ar an aṫair agus an ṁáṫair agus a ḃí ar Ċaoiṁġín aċt ní duḃairt sí ós áird é.
Ċóṁ luaṫ agus ḃí Caoiṁġín i n-ann sgríoḃaḋ arís ċuir sé litreaċa ċun an aṫar agus na máṫar, agus ċun na mbuaċaillí agus na gcailíní agus ċun an tiġearna talṁan. Ċuir sé airgead ċun an aṫar i gcóir an turais ar ais go hÉirinn. Do ċuir sé rudaí eile ċun cinn. Ní raiḃ a lán airgid fágṫa aige féin sa deireaḋ, aċt ḃí a ċroiḋe agus a aigne sásta.
Sgríoḃ sé ċun an árd-ṫuairisgeora, agus fuair sé freagra go luaṫ.
“Tá buaiḋirt an doṁain orm i do ṫaoiḃ,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir, “aċt tá áṫas mór orm faoi go ḃfuilir ag éirġe láidir. Ná tig ar ais i n-aon ċor no go mbéiḋ tú ċóṁ slán agus do ḃí tú riaṁ. Tá ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’ níos díṫċéilliḋe 'ná do ḃí sí riaṁ. Dar ndóiġ tá mé liaṫ aici.”
[ 74 ]Tamall 'na ḋiaiḋ sin ċuaiḋ Caoiṁġín agus Úna go dtí gleanntán deas, deic míle ó Ḃaile an tSíoda Móna. Ḃíodar annsin ar feaḋ trí seaċtṁaine, agus ḃí an oiread eile áṫais orṫa a's mar ḃí ins na laeṫeannta a ċaiṫeadar cois na fairrge i ḃFine Gall tar éis an ṗósta.