Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

72

tobair. Ṫáinig an teaċtaire ar ais agus duḃairt sé le h-Úna go raiḃ an t-aṫair agus an ṁáṫair imṫiġṫe go h-Aimeírioca le breis agus coicṫiġeas. Do ċrom Úna a ceann agus ṫáinig deora 'na ṡúiliḃ. Ṫuig sí go maiṫ annsin cad do ṫuit amaċ do Ċaoiṁġín.

Duḃairt an teaċtaire fós go raiḃ brón ar na sean-ċoṁarsana fá'n sgéal go raiḃ Caoiṁġín ar an leabaiḋ breoiḋte. Ḃí gac aoinne ag tráċt ar a ċuaird go Cluaintobair san oiḋċe agus ar an seanċus le Máirtín Gréasaiḋe. Ḃí Máirtín ag innsint an sgéil do ló a's d'oiḋċe. D'innis sé ó ṫús go deireaḋ do'n teaċtaire é. D'innis an teaċtaire ó ṫús go deireaḋ do Úna é. Ḃí gaċ rud soiléir annsin.

Ṫáinig Máirtín féin agus a lán eile do na sean-ċoṁarsana go Baile an t-Síoda Móna ar lorg eolais faoi an stáid 'na raiḃ Caoiṁġín. Ṫáinig cuid aca go minic. Ba ṁór an ċeist a ḃí orṫa 'na ṫaoiḃ ar dtús. D'ḟan Máirtín agus cuid eile aca san áit ar feaḋ na h-oiḋċe ar ṫáinig iompóḋ an ḟiaḃrais, agus níor imṫiġeadar a ḃaile no go ḃfuaireadar amaċ ó Úna go raiḃ rian bisiġ le feicsint. Is orṫa a ḃí an t-áṫas annsin. Níorḃ ḟada go dtáinig an lá nuair aduḃairt Úna go raiḃ an “baoġal” ṫart do réir an doċtúra. Ḃí éadtromú croiḋe i gCluaintobair an oiḋċe sin.

Annsin ċuiṁniġ Úna ar rudaí nár b'ḟéidir léi bacaḋ leo roiṁe sin. Ċuir sí nóta ċun an árd-ṫuairisgeora dá ċur i n-úil dó cad a ṫuit amaċ do Ċaoiṁġín agus an feaḃas a ḃí ag teaċt air. Ċuir sí litir ṁór ċun an Ċanónaiġ, litir 'na raiḃ bród agus mór-ġáirḋeaċas agus buiḋeaċas ó ċroiḋe mar ġeall ar an ḃfeaḃas ċéadna.

Nuair ṫáinig Caoiṁġín ċuige féin níor ġáḃaḋ dó míniuġaḋ a ṫaḃairt dá ṁnaoi. Ḃí bród an tsaoġail láiṁe air faoi go ḃfuair sí amaċ an áit 'na raiḃ sé, agus faoi go raiḃ sí ag freastal air i riṫ an ḟiaḃrais. Ba ḋóiġ leis ar dtús gur aingeal a ḃí cois na leabṫa.

Maidin aṁáin ḃíodar ag caint faoi an oiḋċe ar ar ṫuit sé breoiḋte.

“Ḃí an donas ar an aimsir sa deireaḋ,” ar seisean, “agus ḃí an donas orm-sa fós. Aċt duḃairt mé liom féin gur ṫuilleas é, agus a ḋá oiread leis. Ḃíomar ag caint go minic faoi ‘ċéasaḋ an ġnáṫ-ḋuine.’ Ṫuigeas é go maiṫ annsin, agus céasaḋ an anama ċóṁ maiṫ leis.