An Crann Géagach/Sa gCoill

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Crann Géagach by Pádraic Ó Conaire
Sa gCoill
[ 25 ]
SA gCOILL

Bhí an ghrian ag dul faoi nuair shroicheas an choill, mé féin agus m’asal beag dubh agus an cárrín glas gleóite, agus ní fada an t‑achar go raibh áit toghtha agam leis an oidhche chur tharm.

Bhí sé deacair áit níos feileamhnaighe fhágháil. Bhí sruthán crónánach ann le mo chosa a nigheachán thar éis an lae agus fuarán fíor-uisge i bhfogus dom leis an tae a dhéanamh gan trácht ar áilneacht na foraoise, ar na crainnte móra ársa beithe bhí ag cur culaith úir orra féin i gcomhair na bliadhna, ar bhaslógaibh dubha na bhfuinnseóg ná ar na paistíbh de sholus órdha bhíodh ag teacht agus ag imtheacht imeasg na sean-chrann.

Agus nach orm bhí an tuirse! Bhaineas an cárrín de’n asal. Cheangail mé an tsrian dá chois tosaigh, agus an ceann eile dhi de’n chárr ar eagla go n‑imtheóchadh sé ar fuaidreamh uaim ar fud na coille i gcaitheamh na hoidhche. Annsin chóirigh mé mo leabaidh ar an dóigh seo: chroch mé píosa de shean-tseól bhí agam faoi’n gcárr go raibh leabaidh dheas chompóirteach luasgach agam, agus gan baoghal fearthainne orm dá fhaide dá bhfanfainn ann, mar thógas an chuid eile de’n tseól ar chliathaibh ós cionn an cháirr. A shárú d’árus ar thriomacht ná ar shocamhlacht ní raibh ag aon fhear taisdil ariamh.

[ 26 ]D’imthigh liom annsin gur bhailigh mé mo lándhóthain de bhrosna agus de mhion-ádhmad, líon mé mo channa beag stáin le fíor-uisge, d’fhaduigh mé teine ag béal m’áruis agus chroch mé an t‑uisge ós a cionn. D’fhan mé annsin ar mo ghogaidhe ag freastal ar an teine ar mo shuaimhneas....

Ealadha faoi leith teine adhmuid a fhadú, go mór-mhór faoi’n spéir. Ní mór dhuit an mion-bhrosna a thoghadh go cúramach agus gan aon chuid de’n ádhmad bog glas chur uirri go mbeidh borradh maith innti. Má chuireann beidh tú gan teine gan ró-achar. Bhíos féin clisde go leór ar an gcéird, agus i gceann leath-uaire bhí tóiteán agam a róstóchadh mart mór. Nuair chaithinn píosa adhmuid isteach ann dhúnainn mo dhá shúil ag féachaint an aithneóchainn cé’n cineál ádhmuid bhí agam ar a bhalath agus é ghá dhóigheadh. Agus tá balath faoi leith ar gach cineál adhmuid—dair, fuinnseóg, cuileann, caorthann, fearnóg, iubhar, giumhais—an té mbíonn an t‑eólas ceart aige féadann sé innseacht duit cé aca ádhmad atá agat sa teine. Acht ni raibh an t‑eólas beacht sin agam-sa—ní raibh mé acht ’mo phrintíseach.....

* * *

Níor óladh ariamh cupán tae níos feárr ná an tae rinne mé an oidhche shin sa gcoill. Molaim dhuit, a léightheóir, do chuid tae fhliuchadh ar an dóigh chéadna. Seadh, agus é ól i ndoire coille le tuitim na hoidhche....

[ 27 ]Bíodh an t‑uisge ar fiuchadh agat, agus cuir an tae isteach i mála beag lín-éadaigh, agus tuim an mála isteach sa gcanna. Ná fágtar ró-fhada ann é—is leór dá nóiméad má bhíonn an t‑uisge ar fiuchadh i gceart—bain an mála lín-éadaigh as an árthach, cuir do chuid bainne nó uachtair ann agus sásóchaidh an deoch sin thú má’s féidir thú shású ar chor ar bhith.

Shásuigh sé mise ar chaoi ar bith: b’iongantach mara sásóchadh deágh-thae, arán agus im úr agus uibheacha rugadh an lá céadna mo leithéide d’fhear taisdil.... Seadh, béile sáthach maith ag rí nó ag rí-dhamhna an béile sin acht é ghléasadh dhó féin le tuitim na hoidhche i lár coille craobhaighe agus óige na bliadhna ann le aiteas chur ar a chroidhe le méad a hiongantas.

Fuaireas féin blas na meala ar gach aon ghreim ar chaoi ar bith—ní raibh tae ann gur fliuchadh mo chuid-sa, ní raibh arán ann gur fuineadh mo arán-sa, agus sháruigh blas agus balath agus dath an ime bhí agam aon im dá ndeárnadh as uachtar ariamh. Níor mhothuigheas aon nidh agus an bhéile ríoghdha seo ghá chaitheamh agam go raibh sé ’n‑a dhubh-oidhche agus lasracha mo theine ádhmuid ag dathú na coille mór-thimcheall orm.

Ghabh mé amhrán annsin liom féin sa gcoill le teann áthais....

Níorbh fhada ann mé go gcuala mé agus go bhfaca mé na hiongantais.

Chuaidh an teine i méad. D’eirigheadh teanga de lasair chaoil fhada aníos agus bhíodh ag iarraidh íochtar na ngéag a phógadh agus gan aon teanga díobh ar aon dáth ná ar aon chuma. Bhí dathanna [ 28 ]na lasracha sin nach raibh le feiceál i n‑aon tuar ceatha ariamh, agus dá mbéadh an t‑eólas agam d’fhéadfainn innseacht cé’n cineál ádhmuid as ar fhás gach lasair díobh. Acht ní raibh an t‑eólas sin agam an uair sin faraoir.

Chuirfeadh fiadhántas agus sgréachaoil na lasracha uamhan ar do chroidhe. Má bhí dath faoi leith ar gach lasair díobh de réir a bhunúis, bhí ceól faoi leith ag gach lasair díobh freisin, agus níor sáruigheadh a gceól ná a bgfiadhántas siúd acht ag teanga mná nimhnighe....

Ceól na n‑ádhmad n‑éagsamhail, agus mo cheól féin, agus an chaoi lasadh suas an choill mór dtimcheall ar na teine ba siocair leis an dáil éanlaith bhí thart ann. Dá n‑abrainn go raibh níos mó ná fiche cineál díobh ann ní shílim go mbéinn ag déanamh aibhéise. Bhíodar annsin thart ann ar na craobhachaibh go socair marbhánta: ní bheadh ort acht éirghe agus lámh a shíneadh amach uait le breith ar dhosaén díobh. Rugas féin ar suas le deich gcinn de dhruideógaibh gan aon duadh. Chas mé a muineál agus sháith mé isteach i sac iad, agus is maith an béile rinne mé dhíobh n‑a dhiaidh sin....

Acht maidir le m’asal beag dubh—ní fios dom an codladh nó tuirse nó dithleaghadh bhí air; níor chuir sé suim dá laghad i n‑aon nidh dá raibh ’n‑a thimcheall acht é chomh solamhanta diamhair le árd-chonstábla go mbéadh príosúnach poilitidheach i ngreim aige.

Ní raibh fonn codalta orm agus d’fhan mé thart ar an teine, ag bailiú brosna agus mionn-ádhmuid agus ghá dhóigheadh go raibh an lá ann beagnach....

[ 29 ]Bhí fáinne an lae ann nuair chonnaic mé an t-abhac aisteach faiteach ag déanamh orm. Síleas i dtosach go mb’é deamhan nó ainspioraid na foraoise bhí agam ann—is corr-uair chonnaic mé duine chomh bídeach mí-chumtha leis. Ní raibh sé thar ceithre troighthe ar aoirde, agus shíltheá dá dtagfadh smathamh maith gaoithe faoi go sguadfaidhe de dhruim na talmhan é.

Bhí sgeóin n-a dhá shúil.

“Céard tá ort, a dhuine?” arsa mise, “an amhlaidh a chonnaic tú taise nó taidhbhse?”

Níor thug sé freagra orm. Ní dheárna sé acht féachaint ’n-a thimcheall go sgáthmhar; acht ní rómham-sa bhí an t-uathbhás air, mar sul ar fhéad mé ceist eile chur air, isteach leis faoi’n gcárrín go ndeacha sé i bhfolach ann.

Níor chuir mé isteach air.

I gceann leath-uaire nó mar sin chualas an glór beag ait.

“Ar son Dé,” ars an t-abhac, “agus ná hinnis dí cá bhfuil mé má thagann sí an bealach seo,” agus é chomh heaglach le aon duine dá bhfaca mé ariamh.

Ní raibh fhios agam cé bhí ar a thóir acht thugas an gheallamhaint dó.

Bhí se n-a lá nuair tháinic an tóir ar an abhac—bean mhillteach agus fearg an tsaoghail uirri. ....acht sin sgéal eile, ár ndóigh, agus ní innseóchaidh mé go fóill é.