Page:An Crann Geagach.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Bhí fáinne an lae ann nuair chonnaic mé an t-abhac aisteach faiteach ag déanamh orm. Síleas i dtosach go mb’é deamhan nó ainspioraid na foraoise bhí agam ann—is corr-uair chonnaic mé duine chomh bídeach mí-chumtha leis. Ní raibh sé thar ceithre troighthe ar aoirde, agus shíltheá dá dtagfadh smathamh maith gaoithe faoi go sguadfaidhe de dhruim na talmhan é.

Bhí sgeóin n-a dhá shúil.

“Céard tá ort, a dhuine?” arsa mise, “an amhlaidh a chonnaic tú taise nó taidhbhse?”

Níor thug sé freagra orm. Ní dheárna sé acht féachaint ’n-a thimcheall go sgáthmhar; acht ní rómham-sa bhí an t-uathbhás air, mar sul ar fhéad mé ceist eile chur air, isteach leis faoi’n gcárrín go ndeacha sé i bhfolach ann.

Níor chuir mé isteach air.

I gceann leath-uaire nó mar sin chualas an glór beag ait.

“Ar son Dé,” ars an t-abhac, “agus ná hinnis dí cá bhfuil mé má thagann sí an bealach seo,” agus é chomh heaglach le aon duine dá bhfaca mé ariamh.

Ní raibh fhios agam cé bhí ar a thóir acht thugas an gheallamhaint dó.

Bhí se n-a lá nuair tháinic an tóir ar an abhac—bean mhillteach agus fearg an tsaoghail uirri. ....acht sin sgéal eile, ár ndóigh, agus ní innseóchaidh mé go fóill é.

29