Page:An Crann Geagach.djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

D’imthigh liom annsin gur bhailigh mé mo lándhóthain de bhrosna agus de mhion-ádhmad, líon mé mo channa beag stáin le fíor-uisge, d’fhaduigh mé teine ag béal m’áruis agus chroch mé an t‑uisge ós a cionn. D’fhan mé annsin ar mo ghogaidhe ag freastal ar an teine ar mo shuaimhneas....

Ealadha faoi leith teine adhmuid a fhadú, go mór-mhór faoi’n spéir. Ní mór dhuit an mion-bhrosna a thoghadh go cúramach agus gan aon chuid de’n ádhmad bog glas chur uirri go mbeidh borradh maith innti. Má chuireann beidh tú gan teine gan ró-achar. Bhíos féin clisde go leór ar an gcéird, agus i gceann leath-uaire bhí tóiteán agam a róstóchadh mart mór. Nuair chaithinn píosa adhmuid isteach ann dhúnainn mo dhá shúil ag féachaint an aithneóchainn cé’n cineál ádhmuid bhí agam ar a bhalath agus é ghá dhóigheadh. Agus tá balath faoi leith ar gach cineál adhmuid—dair, fuinnseóg, cuileann, caorthann, fearnóg, iubhar, giumhais—an té mbíonn an t‑eólas ceart aige féadann sé innseacht duit cé aca ádhmad atá agat sa teine. Acht ni raibh an t‑eólas beacht sin agam-sa—ní raibh mé acht ’mo phrintíseach.....

* * *

Níor óladh ariamh cupán tae níos feárr ná an tae rinne mé an oidhche shin sa gcoill. Molaim dhuit, a léightheóir, do chuid tae fhliuchadh ar an dóigh chéadna. Seadh, agus é ól i ndoire coille le tuitim na hoidhche....

26