Page:An Crann Geagach.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Bíodh an t‑uisge ar fiuchadh agat, agus cuir an tae isteach i mála beag lín-éadaigh, agus tuim an mála isteach sa gcanna. Ná fágtar ró-fhada ann é—is leór dá nóiméad má bhíonn an t‑uisge ar fiuchadh i gceart—bain an mála lín-éadaigh as an árthach, cuir do chuid bainne nó uachtair ann agus sásóchaidh an deoch sin thú má’s féidir thú shású ar chor ar bhith.

Shásuigh sé mise ar chaoi ar bith: b’iongantach mara sásóchadh deágh-thae, arán agus im úr agus uibheacha rugadh an lá céadna mo leithéide d’fhear taisdil.... Seadh, béile sáthach maith ag rí nó ag rí-dhamhna an béile sin acht é ghléasadh dhó féin le tuitim na hoidhche i lár coille craobhaighe agus óige na bliadhna ann le aiteas chur ar a chroidhe le méad a hiongantas.

Fuaireas féin blas na meala ar gach aon ghreim ar chaoi ar bith—ní raibh tae ann gur fliuchadh mo chuid-sa, ní raibh arán ann gur fuineadh mo arán-sa, agus sháruigh blas agus balath agus dath an ime bhí agam aon im dá ndeárnadh as uachtar ariamh. Níor mhothuigheas aon nidh agus an bhéile ríoghdha seo ghá chaitheamh agam go raibh sé ’n‑a dhubh-oidhche agus lasracha mo theine ádhmuid ag dathú na coille mór-thimcheall orm.

Ghabh mé amhrán annsin liom féin sa gcoill le teann áthais....

Níorbh fhada ann mé go gcuala mé agus go bhfaca mé na hiongantais.

Chuaidh an teine i méad. D’eirigheadh teanga de lasair chaoil fhada aníos agus bhíodh ag iarraidh íochtar na ngéag a phógadh agus gan aon teanga díobh ar aon dáth ná ar aon chuma. Bhí dathanna

27