Aesop a tháinig go h-Éirinn/Na Giorfhithe agus na Frogana agus an Ghaoith

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
Na Giorfhithe agus na Frogana agus an Ghaoith
[ 23 ]

30.—NA GIORḞIṪE AGUS NA FROGANA AGUS AN ĠAOIṪ.


Ṫáinig gaoiṫ ṁór agus ḃí sí ag lúbaḋ na gcrann, agus ṫáinig a leiṫéid sin d’ anfa ar na giorḟiṫiḃ gur ċeapadar imṫeaċt as an saoġal ar fad, mar ná féadfidís an t-éirleaċ d’ḟulang. Ġluaiseadar ċum siúḃail. Ṫánadar go bruaċ loċa agus ḃíodar ċum iad féin do ḃáṫ. D’ airíġeadar an foṫram sa n-uisge. Cad a ḃeaḋ ann aċt sguainṫe frogana agus iad ag teiṫe le n-a n-anam ag dul fé uisge sa loċ.

Ḃí sean ġiorḟiaḋ tuigsionaċ ar na giorḟiṫiḃ. “Stadaig, aġiorḟiṫe!” ar seisean. “Ní h-againne aṁáin atá an saoġal go h-olc. Má’s fiú ḋóiḃ siúd a n-anam do ḃreiṫ saor leó fé uisge ba ċóir gur ḃ’ ḟiú ḋúinne aire ṫaḃairt dúinn féin ar an dtalaṁ dtirim. Dá olcas atá an sgéal againn anois b’ḟéidir muna ḃféuċfimís roṁainn go mbéaḋ an sgéal níos measa againn.”

An Múineaḋ.

“Is mairg a báitear i n-am an anaiċe;
’S go dtigean an ġrian indiaig na fearṫana.”