Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Mada Ruadh agus an Machtíre

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Mada Ruadh agus an Machtíre
[ 22 ]

29.—AN MADA RUAḊ AGUS AN MAĊTÍRE.


Ḃailig maċtíre stór mór i bpluais, agus ansan ċeap sé fanaṁaint sa ṗluais ar a ṡástaċt an ḟaid a leanfaḋ an lón. D’airig an mada ruaḋ an sgéal. Ṫáinig sé ċum na pluaise. [ 23 ]Ḃí an dorus dúnta. Ġlaoiḋ sé. “Ó! imṫiġ leat féin,” arsa ’n maċtíre. “Táim gan ḃeiṫ ar fóġnaṁ.”

“Tuigim!” arsa ’n mada ruaḋ. “Doiċeal atá air. Aċt béadsa suas leis.”

D’imṫiġ sé agus do sgéiḋ sé ar an maċtíre. D’inis sé do’n aoḋre go raiḃ droċ ḃeiṫíḋeaċ éigin sa ṗluais. Ṫáinig an t-aoḋre agus píce aige agus ṁairḃ sé an maċtíre.

Ansan do ċuaiḋ an mada ruaḋ ċum cóṁnuiġṫe sa ṗluais agus ḃí soláṫar an ṁaċtíre aige agus ḃí sé ar a ṡástaċt.

Ní ró ḟada a ḃí. Ba ġearr gur ṫáinig an t-aoḋre céadna ċum na pluaise airís, féuċaint an raiḃ aon ṁaċtíre eile ann. D’ḟéuċ sé isteaċ. Ċonaic sé an rud beó istig agus ní túisge ċónaic ’ná ṡáiḋ sé an píce ann, agus do ṁairḃ sé an mada ruaḋ. Sin mar imṫig ar an mada ruaḋ de ḃár a ġliocais.

An Múineaḋ.

Fillean an feall ar an ḃfeallaire.