Aesop a tháinig go h-Éirinn/An t-Aṫair Níṁe agus an Portán

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An t-Aṫair Níṁe agus an Portán
[ 10 ]

11.—AN T-AṪAIR NÍṀE AGUS AN PORTÁN.


Do ṫárla portán agus aṫair níṁe i n-aontíġeas. Ḃí an portán macánta díreaċ ’na ṁeón agus ’na ċroíḋe. Níor ṁar sin do’n aṫair níṁe. Ḃí sé ’na lúbaire ċam ċealgaċ. Níor ṫaiṫn an lúbaireaċt agus an camastuíol leis an bportán. Ṫug sé cóṁairle a leasa go minic do’n aṫair níṁe aċt ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann. Ḃí an cam agus an ċeilg sa n-aṫair níṁe do réir dúṫċais agus ní ċuirfaḋ an saoġal ḟiaċaiḃ air iad do

[ 11 ]ċaiṫeaṁ uaiḋ. Fé ḋeire ṫáinig eagla ar an bportán roimis. Ṫáinig droċ aṁras aige air, agus droċ iontaoiḃ aige as. “Marḃóċaiḋ sé mé oíḋċe eigin agus mé am ċodla!” ar seisean. “Tá sé ċóṁ maiṫ agam tusaċ do ḃeiṫ agam air,” ar seisean. Do ṁairḃ sé an t-aṫair níṁe an oiḋċe sin.

Nuair a ḃí an t-aṫair níṁe marḃ do ḃí sé sínte amaċ, ċóṁ díreaċ le riaġail, ar an úrlár, agus gan cor ná lúb anonn ná anall ann.

D’ ḟeuċ an portán air ar feaḋ tamail. Fé ḋeire duḃairt sé, as a ṁaċtnaṁ,—“Dá mbéaḋ do ḃeó ċóṁ díreaċ le d’ ṁarḃ ba ṡiaide do ṡaoġal é.”

An Múineaḋ.

An rógaire is caime déinean an bás fear díreaċ dé.

“Seaċain gleacaíḋe milis sleaṁain.”

Ná déin caidreaṁ le feall nó déanfar an feall ort.

“Is mairg a ḃíon ṫíos ar an gcéad ḃeárnain.”